Phríomhócáid ‘Sealaíocht don Bheatha’ féin ann an deireadh seachtaine seo.| ‘Relay for Life’ actually happens this weekend.

[lang_ie]Tá an ócáid mhór ‘Sealaíocht don Bheatha’ féin ar siúl an deireadh seachtaine seo (idir 3.00 i.n. Dé Sathairn 26ú – 6.00 i.n. Dé Domhnaigh 27ú ). Tá liosta iontach leagtha amach le Ceiliúradh a dhéanamh leis na daoine atá ag teacht slán ó ailse, le Cuimhne a dhéanamh orthu siúd atá imithe uainn siocair ailse agus muid uile ag Troid Arís le hairgead a bhaint amach i dtreo taighde. Tá Coiste Gairmoideachais DnG páirteach ann ó thús mí Mhárta agus tá le feiceáil ón suíomh idirlíon na rudaí éagsúla a rinneadh thart ar an chontae do ‘Sealaíocht don Bheatha’ ina iomláine.Ba mhaith le Foireann Sealaíocht don Bheatha CGDnG an deis seo a ghlacadh le buíochas ó chroí a ghabháil acu sin uile a chuidigh leis seo (beag nó mór) agus fós cuireadh agus spreagadh a dhéanamh oraibh bheith páirteach don am dheirineach ag an deireadh seachtaine seo. Cliceáil ar an nasc seo le haghaidh Liosta na hImeachtaí ag an am seo agus béim ar ndóigh do chuid mhór ar an Searmanas Luminaria atá ann ag 10.00 i.n. oíche Shathairn.
Tá gach rud ar siúl ar champas Institiúid Teicneolaíocht Leitir Ceanainn (An Danlann). Bígí ann, tabhair tacaíocht agus bígí páirteach i gceann de na himeachtaí is mó i nDún na nGall do 2012.[/lang_ie]

[lang_en-uk]This weekend (from approx. 3.00 p.m. Saturday 26th – 6.00 p.m. Sunday 27th) Relay for Life happens. A Fantastic list of activities are in place to Celebrate with the Survivors, Remember those who have passed on due to Cancer and to Fight Back with funding raised towards Research. Donegal VEC have been involved from early March and have had activities and events throughout the county as can be viewed on the website.
The Team VEC for Relay for Life would like to take this opportunity to offer heartfelt thanks to all those who have contributed and helped in any way and would ask all to make one final effort to get involved this weekend. This link here gives a list of the Programme of Events at this time with the emphasis for most on the Luminaria Ceremony at approx. 10.00 p.m. on Saturday Night. All events are in or in the vicinity of An Danlann on the campus of LYIT.
Please come along and support and be part of one of the biggest events in Donegal for 2012.[/lang_en-uk]