Cluineann Foireann ETB Dhún na nGall ó Phríomhshaineolaí ar Ionchuimsiú Sóisialta

Ba é an príomhshaineolaí ar ionchuimsiú sóisialta, an tOllamh Comhlach Ted Fleming ó Columbia University an príomhchainteoir ag seimineár bliantúil ETB Dhún na nGall maidir le forbairt ghairmiúil dá fhoireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Dé hAoine seo caite.

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh roimh níos mó ná 200 ball foirne FET chuig an seimineár bliantúil. D’oscail an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh an seimineár ansin agus dúirt sé leis na rannpháirtithe: “Tá sibhse ag cumasú cultúr fáis a bhaineann le comhionannas, ionchuimsiú, meas agus dínit.  Níl sé rómhall riamh le rud éigin úr a dhéanamh.”

Agus í ag tabhairt léargais ar Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall, dúirt Cróna Gallagher, Stiúrthóir FET, ETB Dhún na nGall, “Tá ár gComhaontú Feidhmíochta Straitéisí le SOLAS i bhfeidhm le níos mó ná bliain anois agus tá a lán dul chun cinn déanta maidir le seirbhís chomhtháite FET a fhorbairt. Chomh maith leis sin, thosaigh SOLAS a dh’obair le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ETBanna, maidir le Straitéis úr FET a fhorbairt agus sa chomhthéacs sin chinn muid díriú ar théama an ionchuimsithe inniu, lena chinntiú go leanfaidh Seirbhís FET Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le freastal ar riachtanais gach duine (daoine aonair agus grúpaí) inár bpobal.”

Chuala foireann FET ó fhoghlaimeoirí a ghlac páirt i gcúrsaí FET ETB, lena n-áirítear an t-eachtránaí oiriúnaitheach agus an foghlaimeoir aosach Nikki Bradley. Cuireadh cor i gcinniúint Nikki nuair a diagnóisíodh go raibh cineál neamhchoitianta d’ailse chnáimhe darb ainm Ewing’s Sarcoma uirthi agus í óg. D’inis sí do na baill foirne, i ndiaidh di cailleadh amach ar an deis lena hArdteistiméireacht a chríochnú mar gheall ar a tinneas, d’inis duine de na treoirchomhairleoirí d’aosaigh de chuid Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall di “tá roghanna ann do dhaoine cosúil leatsa” agus gur chiallaigh tacaíocht mar sin “leis na buillí sin uilig, an t-aon rud a chuimhním i gcónaí ná gur tháinig mé as.”

Thug iarmhac léinn Derek Long chun cuimhne an dóigh nach raibh sé ag iarraidh a dhul ar scoil mar go raibh níos mó spéise aige san fheirmeoireacht i gcomparáid le hobair scoile, fad is go ndúirt an mac léinn Ed Curran, a d’fhág an scoil ag 14 bliana d’aois agus atá ag críochnú cúrsa forbartha bogearraí anois, “Mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh cúrsa a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an ETB.”

Ceapadh Andrew Brownlee mar Phríomhfheidhmeannach SOLAS le gairid agus labhair sé faoi leasuithe forfheidhmithe le tacú le córas FET níos comhtháite, fad is gur leag Stiúrthóir Ionchuimsithe Ghníomhaigh SOLAS, Roisin Doherty, béim ar an fhócas maidir le rátaí rannpháirtíochta a mhéadú do chohóirt tosaíochta le leibhéil ísle rannpháirtíochta i FET, lena n-áirítear daoine faoi 25 agus thar 55, daoine faoi mhíchumas, agus mná.

Tá an tOllamh Fleming ina Ollamh Taca Comhlach le hOideachas Aosach ag Roinn an Eagrúcháin agus na Ceannaireachta in Teachers College, Columbia University i Nua-Eabhrac agus roimhe sin bhí sé ina Léachtóir Sinsearach san Oideachas Aosach agus Pobail, Ceann Roinne agus Déan Comhlach Dhámh na nEolaíochtaí Sóisialta ag Ollscoil Mhá Nuad. Labhair sé leis na baill foirne faoi na dúshláin agus na féidearthachtaí a bhaineann le bheith ag obair le daoine fásta, ag insint dóibh “i gcomhthéacs na foghlama ar feadh an tsaoil agus straitéis náisiúnta post, d’fhéadfadh sé a bheith ina sprioc fhíorfhiúntach spriocanna foghlama sóisialta níos leithne a chur san áireamh. Mar thoradh air sin d’fhéadfadh geilleagar iomaíoch a bheith ina shochaí sláintiúil, sásúil agus cothrom.”

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó i gContae Dhún na nGall é, le níos mó ná 11,000 foghlaimeoir ag críochnú cúrsaí leis i níos mó ná 120 ionad in 2018, a raibh teastais mar thoradh orthu ag leibhéil 1-6 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, mar aon le réimse leathan de theastais tionscail agus díoltóra.

Tá an t-eolas is déanaí ar ócáid na hAoine ar fáil ar chuntas Twitter ETB Dhún na nGall (@DonegalETB).

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography

An tOllamh Comhlach Ted Fleming, Columbia University.
An tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, T.D. ag caint le níos mó ná 200 ball foirne FET.
Rinne mic léinn FET Ed Curran agus Derek Long cur i láthair don Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh, T.D.
Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall Cróna Gallagher, aoichainteoir Nikki Bradley, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh agus Príomhfheidhmeannach SOLAS Andrew Brownlee.
Stiúrthóir Ionchuimsithe Ghníomhaigh le SOLAS, Roisin Doherty.