Trí Thionscadal Déag de chuid Scoileanna ETB Dhún na nGall Cáilithe le haghaidh Thaispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta 2020

Tá trí thionscadal déag de chuid scoileanna ETB Dhún na nGall cáilithe le haghaidh Thaispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta BT, an 56ú ceann. Beidh an ócáid ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath ón 8-11 Eanáir 2020. Tá sé mar aidhm ag an Taispeántas daoine óga a spreagadh le tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna is féidir le gairm i réimse atá bainteach le CSET a thairiscint.

Tagann na trí thionscadal déag ó cheithre scoil: Gairmscoil na Mainistreach (Baile Dhún na nGall), Coláiste Ailigh (Leitir Ceanainn), Coláiste Mhagh Éne (Bun Dobhráin) agus Coláiste na Maoile Rua (Baile na nGallóglach). Is ionann sin agus níos mó ná leath de na trí iontráil is fiche atá cáilithe ó Chontae Dhún na nGall. Is iad na tionscadail a cháiligh ná:

Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall (Gach iontráil ghrúpa)

  1. Feamnacha Frithmhiocróbacha, Catagóir na Bitheolaíochta agus na hÉiceolaíochta
  2. An dtig leis an oideachas úsáid plaisteach aonúsáide a laghdú? Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta
  3. Líon mar rogha eile in ionad strapa plaisteach láidir, Catagóir na Teicneolaíochta

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (Gach iontráil aonair)

  1. Na buntáistí a bhaineann le sacar siúil, Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta
  2. Fiosrúchán ar éifeacht tuismitheoirí ar oideachas agus slí bheatha a bpáistí, Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta
  3. An éifeacht atá ag easpa fuinseoige ar chúrsaí iománaíochta agus an gá atá le triail a bhaint as crainn eile chun camáin a dhéanamh in Éirinn, Catagóir na Bitheolaíochta agus na hÉiceolaíochta
  4. Imscrúdú ar an tionchar atá ag ceimic in uachtar gréine ar ár gcraiceann, Catagóir na Bitheolaíochta agus na hÉiceolaíochta
  5. An féidir leis an ghnáthdhuine siúl i gceart, Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta
  6. Cén tionchar atá ag reo fadtéarmach ar na tréithe frithbhaictéaracha atá ag mogóir róis, Catagóir na Bitheolaíochta agus na hÉiceolaíochta

Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin (Gach iontráil ghrúpa)

  1. Imscrúdú ar an sásamh a bhaineann Dochtúirí Teaghlaigh as a bPoist ar an taobh thuaidh agus ar an taobh theas de theorainn na hÉireann, Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta
  2. Imscrúdú ar strus heirbeabhóra ar phlandaí leitíse, Catagóir na Bitheolaíochta agus na hÉiceolaíochta
  3. Imscrúdú ar na hullmhúcháin le haghaidh Brexit atá déanta ag feirmeoirí ar an taobh thuaidh agus ar an taobh theas den teorainn, Catagóir na nEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta

Coláiste na Maoile Rua (Iontráil aonair)

  1. “An bhfuil sibh á ól sin!” Aimsiú leictriceimiceach níotráití in uisce abhann ag úsáid leictreoid chopair bhunathraithe, Catagóir na nEolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiciúla & Matamaiticiúla

Is féidir liosta iomlán na dtionscadal cáilithe ón chontae go léir a fháil anseo.