Crann Gealltanas Síochána á Cheiliúradh ag Daltaí Choláiste na Daoile agus Cairde ó Scoil Chuimsitheach Ríoga & Prior

Tháinig daltaí ó Choláiste na Daoile agus ó Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, an dá cheann acu i Ráth Bhoth, le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionscnamh síochána atá á threorú ag an aos óg Amazing the Space: Pathway to Peace (Bealach i dTreo na Síochána) idir ceithre chéad scoil ar fud Thuaisceart Éireann agus na contaetha fán teorainn. Tharla an ócáid sa Foyle Arena Complex i nDoire. Tháinig daltaí leis an Chrann Gealltanas Síochána a fheiceáil i gCearnóg Ebrington, Doire, dealbh ard seacht meadar arna chruthú ag an ealaíontóir Maurice Harron a bhfuil níos mó ná 400 gealltanas síochána ar a chuid duilleog. Daltaí ó scoileanna atá páirteach sa tionscnamh cothaithe síochána seo a chum na gealltanais síochána. Beidh sé mar pháirt de chonair shíochána sa cheantar sin. An Ró-Oirmhinneach David Latimer agus Comhoibriú Éireann a d’eagraigh an ócáid.

Daltaí ó  Choláiste na Daoile agus ó Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Ráth Bhoth a tháinig le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar shuiteáil an chrainn Gealltanas Síochána i nDoire.