Freagra tugtha ag 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann ar riachtanais foghlaimeoirí le linn Covid-19

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na hÉireann ag cur bearta tábhachtacha i bhfeidhm le dul i ngleic leis na dúshláin atá tagtha chun cinn de bharr Covid-19 agus lena chinntiú go mbeidh leanúnachas ann i dtaobh oideachais agus oiliúna do thuairim is 450,000 dalta agus foghlaimeoir ar fud an stáit.

Tuigeann earnáil na BOO na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim seo, agus an tionchar atá aici ar dhaltaí, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus an fhoireann araon. Tá gach ceann den 16 BOO i mbun pleanáil theagmhasach do Scoileanna agus don soláthar Breisoideachais agus Oiliúna agus leanfar leis sin. Tá sé deimhnithe le suirbhé a rinneadh ar BOOnna ag deireadh mhí Márta go bhfuil réimse beart curtha i bhfeidhm chun freagra a thabhairt ar bhealach sofhreagrúil agus solúbtha chun tacú leis an bpobal teagaisc agus foghlama atá againn. Bhí an fhoireann BOO thar barr i dtaobh chomh maith is a ndeachaigh siad i gcleachtadh ar theagasc agus tacaíocht a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí trí réimse bealaí agus glacadh leo.

Fuarthas amach tríd an suirbhé go raibh céimeanna nuálacha agus dearfacha glactha ag BOOnna chun:

  • Dul i gcleachtadh go tapa ar ardáin, uirlisí agus teicneolaíochtaí ar líne
  • Tacaíocht a chur ar fáil don fhoireann agus do theagascóirí i ndáil le trealamh, uas-sciliú agus forbairt ghairmiúil
  • Bealaí eile a chur ar fáil i ndáil le réitigh theicneolaíochta, lena n-áirítear pacáistí acmhainní fisiciúla a chur ar an bpost
  • Cruinnithe ar líne a éascú, trína gcuirtear an nuacht is déanaí agus aiseolas freagrúil ar fáil go rialta
  • Cuidiú le tuismitheoirí agus foghlaimeoirí trína chinntiú go bhfuil an fhoireann Threorach ar fáil chun tacú lena bhfolláine
  • Cleachtais chianoibre a chumasú lena chinntiú go mbeifear ábalta leanúint le seirbhísí riachtanacha gach BOO.

Mar fhreagairt ar an riachtanas atá ann úsáid a bhaint as modhanna eile measúnaithe dár gcláir Bhreisoideachais agus Oiliúna tá treoirphrionsabail comhaontaithe ag earnáil na BOO ar bhealaí eile measúnaithe agus déanfar iad a úsáid ag leibhéal BOO.  Leanfar de chumarsáid rialta a dhéanamh le foghlaimeoirí agus cuirfear soiléiriú ar fáil chomh luath is atá praiticiúil.  Gheobhaidh foghlaimeoirí a bhfuil cúnamh uatha tacaíocht óna BOO de réir mar a bheidh ag teastáil.

Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ), a dhéanann ionadaíocht ar 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, ag freagairt go gníomhach do riachtanais ár mbaill BOO. Mar fhreagra ar shuirbhé ar riachtanais tacaíochta práinneacha BOO, tá cainéal cumarsáide tiomnaithe Covid-19 bunaithe ag an BOOÉ, ag éascú gach cruinniú earnála riachtanach ar líne agus chun tosaigh maidir leis an gcumarsáid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le gníomhaireachtaí eile chun an treoir agus soiléiriú riachtanach a chur ar fáil.

Dúirt Nessa White, Ard-Rúnaí Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann, “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár bhfoireann agus daltaí ar fad, a bhfuil gach is féidir leo a dhéanamh déanta acu le dul in oiriúint do na cúinsí dúshlánacha seo. Tá mé fíorbhródúil go rabhamar ábalta leanúnachas a chinntiú i dtaobh oideachais de dár daltaí agus foghlaimeoirí. Iarraim ar gach foghlaimeoir agus ball foirne na BOO a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na treoirlínte atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas i rith na tréimhse seo. Níl aon amhras orm ach go dtiocfaimid tríd an tréimhse dheacair seo, agus go gcuirfear an t-oideachas, an oiliúint agus an tacaíocht atá tuillte ag an bpobal foghlaimeoirí atá againn idir an dá linn”.