Leas-Phríomhoide nua Ceaptha i gColáiste Deele, Raphoe

Tá Carmel Mulligan, Uasal ceaptha mar an Leas-Phríomhoide úr i gColáiste na Daoile, Ráth Bhoth.

Tógfaidh Mulligan, Uasal áit Danny McFadden a d’fhág le glacadh le post mar Phríomhoide Choláiste an Eargail i Leitir Ceanainn.

Is as Srath an Urláir ó dhúchas di Carmel agus bhí sí fostaithe i gColáiste an Inbhir, Carraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin sna luathbhlianta dá saol múinteoireachta ó 1993 go 2004 sular fhág sí le dul isteach san fhoireann teagaisc i gColáiste na Daoile i Samhain 2004. In 2016, bhain Carmel céim amach ó Ollscoil Uladh .i. Céim Mháistreachta i gCeannaireacht agus Bainistíocht Oideachais. Bhí sí mar pháirt den fhoireann meánbhainistíochta i gColáiste na Daoile agus d’éirigh léi ceannaireacht a thabhairt maidir leis an soláthar Riachtanas Speisialta Oideachais a fhorbairt.

Tá Coláiste na Daoile lonnaithe i Ráth Bhoth agus tá tuairim is sé chéad dalta ag freastal air. Tá foireann teagaisc de thuairim is caoga ag an scoil agus tá fiche ball foirne tacaíochta eile ann, lena n-áirítear sé déag Cúntóir Riachtanas Speisialta (SNAnna).

Agus í ag caint faoina ceapachán, dúirt Carmel: “Tá mé ag tnúth le bheith ag obair le pobal na scoile uilig agus le leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá á déanamh i gColáiste na Daoile. Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán úr a bhaineann leis an ról seo de réir mar a fhásfaidh agus a fhorbróidh an scoil sna blianta amach romhainn. Dealraíonn sé gur tréimhse spreagúil agus spleodrach a bheidh ann.”

Agus é ag tréaslú le Carmel as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Carmel chuig teaghlach an ETB agus tá mé ag súil go mór le tacú léi ina ról úr sa bhliain atá amach romhainn. Bhí Carmel ar thús cadhnaíochta maidir le soláthar Riachtanas Oideachas Speisialta a fhorbairt i gColáiste na Daoile agus níl dabht ar bith ach go gcuirfidh sí go mór leis an fhoireann ardbhainistíochta. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Leas-Phríomhoide atá ag fágáil fosta, is é sin Danny McFadden, as an mhéid a rinne sé maidir le bainistíocht na scoile agus guím gach rath air ina ardú céime mar Phríomhoide i gColáiste an Eargail, Leitir Ceanainn.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB, Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh cheapachán Carmel i gColáiste na Daoile áit a bhfuil ardmheas uirthi mar mhúinteoir le tamall le bhlianta. Tá áit lárnach ag Leas-Phríomhoidí inár scoileanna agus iad ag feidhmiú mar pháirt den fhoireann ardbhainistíochta.  Tá an ról s’acu ríthábhachtach dúinn agus muid ag iarraidh seirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Tá Coláiste na Daoile ar cheann de na cúig iar-bhunscoil is fiche atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Carmel tús lena post sna seachtainí atá ag teacht.

Leas-Phríomhoide úrcheaptha Choláiste na Daoile, Carmel Mulligan.