Coicís FET Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall Coicís FET inniu; imeacht ar líne atá ann a thosóidh an tseachtain seo chugainn.

Mar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, óstálann a Sheirbhís FET Aonach FET ollmhór gach bliain chun a réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna a chur os comhair an phobail. Freastalaíonn timpeall míle duine fásta agus duine óg as gach cearn den chontae ar an ócáid sin de ghnáth. Mar gheall ar shrianta COVID-19, áfach, níorbh fhéidir an tAonach a reáchtáil in 2020.

Tá imeacht ar líne forbartha ag an tSeirbhís FET anois a bheidh ar siúl thar dhá sheachtain ón 23 Lúnasa-03 Meán Fómhair ar a cuntas YouTube agus ar ardáin meán sóisialta eile.

Ag tosú an tseachtain seo chugainn, ón 23-27 Lúnasa, taispeánfaidh an ETB físeán eolais difriúil den chéad uair ar a chuntas YouTube gach oíche ag 8.00in, le baill foirne a bhfuil taithí acu ag plé na gceisteanna is coitianta a bhaineann lena sholáthar lánaimseartha agus páirtaimseartha sna réimsí ábhair is mó a bhfuil tóir orthu – Printíseachtaí, Cúram Leanaí agus Cúram Sláinte, Innealtóireacht agus an Timpeallacht Thógtha, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus Gnó, Riarachán agus Airgeadais. Clúdóidh an t-eolas na cúrsaí atá ar fáil, riachtanais iontrála, na tacaíochtaí atá ar fáil agus deiseanna dul chun cinn.

An tseachtain dár gcionn, ón 30 Lúnasa-03 Meán Fómhair, díreoidh a bhfíseáin eolais ar roghanna do lucht fágála scoile agus dóibh siúd ar mian leo gairm a athrú, cur lena gcuid scileanna nó scileanna úra a fhoghlaim, arís ar YouTube ag 8.00in. De thairbhe go bhfuil níos mó den lucht fágála scoile ag roghnú FET mar a gcéad rogha anois, tabharfaidh foireann FET an ETB eolas faoi na roghanna seo a leanas: printíseachtaí, Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) agus cúrsaí oiliúna i scileanna ar leith, agus míneoidh siad go pearsanta cad iad na buntáistí a bhaineann le FET. Má tá daoine óga ag iarraidh airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim, post maith a fháil roimh i bhfad, nó cuidiú a fháil ar an tslí chuig oideachas tríú leibhéal le cáilíochtaí a aithnítear go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, clúdóidh an seisiún sin go leor de na téamaí sin.

Mar pháirt den seisiún ar roghanna do lucht athraithe gairme agus dóibh siúd ar mian leo cur lena gcuid scileanna tabharfar eolas dóibh siúd a chaill a bpost le bliain anuas nó atá ag obair faoi láthair ach ar mhaith leo cur lena gcuid scileanna nó a ngairm a athrú. Cuireann Seirbhís FET an ETB deiseanna oiliúna páirtaimseartha saor in aisce nó páirtmhaoinithe ar fáil ó Leibhéil 1-6 chun tacú leo siúd atá ag smaoineamh ar athrú a dhéanamh ina saol. Pléifidh teagascóirí agus comhairleoirí ETB Dhún na nGall na deiseanna sin.

Le linn na coicíse, cuirfidh an ETB líon mór cúrsaí atá ag earcú mac léinn faoi láthair os comhair an phobail, ar a gcuntais Facebook, Instagram agus Twitter agus seolfar an réamheolaire FET úr do 2021-2022 fosta.

Má bhíonn aon cheist eile ag an lucht féachana, is féidir leo clárú le haghaidh seisiún eolais beo a bheidh ar siúl ag 12.30pm Dé hAoine, 03 Meán Fómhair, an lá deireanach den imeacht Coicís FET, a ligfidh do dhaoine den phobal a chláraíonn roimh ré leis an tSeirbhís Treorach d’Aosaigh tríd an nasc seo https://bit.ly/3ztBr3K  (ar fáil fosta ar rannán faoi Imeachtaí ar leathanach Facebook an ETB), chun a gcuid ceisteanna a chur ar fhoireann Treoirchomhairleoirí Aosaigh an ETB agus ar fhoireann Earcaíochta FET.

De rogha air sin is féidir leo teagmháil a dhéanamh le foireann Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall le linn an imeachta ar an teileafón (074 91 78088), foirm ghréasáin

(https://www.donegaletb.ie/further-education-training/adult-guidance/) nó teachtaireacht dhíreach a sheoladh trí chuntais Facebook, Instagram, TwitterLinkedIn an ETB.

Ag labhairt di faoin imeacht spreagúil seo, dúirt Comhordaitheoir na Seirbhíse Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall Deirdre McColgan, “Tá os cionn 150 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil againn an Fómhar seo chun freastal ar lucht fágála scoile, ar lucht athraithe gairme,  orthu siúd a chaithfidh cur lena gcuid scileanna, chomh maith le cúrsaí tosaigh a thacaíonn le daoine fásta an chéad chéim a ghlacadh chun tabhairt faoin réimse foghlama dá rogha féin, nó chun na scileanna a fhorbairt atá riachtanach le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí teaghlaigh agus pobail go hiomlán. Cuideoidh an t-eolas a bheidh ar fáil ar líne le linn na coicíse sin agus an seisiún eolais deiridh beo lenár bhfoireann Treorach agus Earcaíochta d’Aosaigh leat cinntí a dhéanamh atá ceart duitse.”

Tá go leor de chláir ETB Dhún na nGall comhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an Aontas Eorpach. Críochnaíonn na mílte mac léinn ó gach cúlra cúrsaí i seacht n-ionad déag FET an ETB ar fud an chontae agus 100+ ionad gach bliain, rud a fhágann gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae, ag tairiscint deiseanna do dhaoine le dul faoi athoiliúint, cur lena gcuid scileanna, taithí oibre a fháil ar an láthair oibre agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas in áiteanna atá níos cóngaraí go minic ná mar a shílfeá.

Dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Ba cheart do dhaoine an t-am a ghlacadh le linn ár n-imeachta, Coicís FET, ón 23 Lúnasa-03 Meán Fómhair chun a fháil amach faoinár réimse cuimsitheach roghanna oideachais agus oiliúna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil ar fud an chontae. I measc na gcáilíochtaí tá QQI, City & Guilds agus réimse leathan teastasaithe a bhaineann go sonrach leis an tionscal a ligfidh dóibh an chéad chéim eile is fearr a roghnú.”

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall ar 074 9178088 nó seol ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie.

Is féidir clár imeachtaí agus an t-eolas is déanaí faoin imeacht Coicís FET a fháil anseo agus cuntais Instagram, Twitter agus Facebook (@DonegalETB) idir seo agus an t-imeacht.

Cróna Gallagher, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET).