Seacht gCúrsa Dhéag ar fáil i nDún na nGall fríd an CAO

Tá roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus eolas faoi Phrintíseachtaí ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta fríd an CAO den chéad uair riamh i mbliana.

Tá seacht rogha FET déag ar fáil ar fud Dhún na nGall trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Áiríonn siad Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna) agus cúrsaí oiliúna.

Agus í ag caint faoi na roghanna FET a bheith san áireamh san CAO, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Is garsprioc thábhachtach é seo i gcúrsaí oideachais in Éirinn – den chéad uair riamh beidh deis ag daoine óga roghanna breisoideachais agus oiliúna a roghnú go díreach trí thairseach an CAO. Tá cur chun cinn na gconairí oideachais uilig ina chéim chriticiúil i dtaca le haitheantas a thabhairt don earnáil FET agus caithfear fáilte mhór a chur roimhe sin. Tá sé beartaithe go bhforbrófar an tionscadal píolótach seo níos mó agus go bhfeabhsófar na cúrsaí FET atá á dtairiscint ar an tairseach agus go gcuirfear leo sna blianta atá ag teacht.”

Tá deich gcúrsa PLC ar fáil i dtrí áit, mar atá: na Cealla Beaga (Gairmscoil Chaitríona), Leitir Ceanainn (Coláiste an Eargail) agus Srath an Urláir (Coláiste Ghleann na Finne) agus áiríonn siad: Cúram Ainmhithe; Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh; Riarachán Gnó; Staidéar Gnó; Teicneolaíocht Foirgníochta; Cúram agus Oideachas na Luath-óige; Scileanna Seirbhíse Sláinte; Staidéar Altranais agus Spóirt, Áineas agus Aclaíocht.

Tá seacht gCúrsa Oiliúna ar fáil ar fud an chontae fosta agus áiríonn siad: Riarachán Gnó agus Riarachán Gairmiúil, Fíodóireacht Dhún na nGall, Tacaíocht Cúraim Sláinte, Staidéar ar Mhíchumas Intleachta le Riachtanais Speisialta, Teagascóir Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus dhá Chúrsa Oiliúna in Eolaíocht Sonraí agus Trádáil Idirnáisiúnta le Gnó.

Agus í ag cur fáilte roimh an fhorbairt seo dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Is céim mhór chun tosaigh é an dóigh a bhfuil roghanna FET mar aon le heolas faoi phrintíseachtaí san áireamh ar CAO na bliana seo. Tá lúcháir orm go bhfuil réimse cúrsaí ónár Seirbhís FET san áireamh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil réimse roghanna saora nó ar chostas íseal ar leac an dorais ag Rang Ardteistiméireachta 2022 i nDún na nGall, roghanna a thabharfaidh deiseanna iontacha gairme dóibh nó a chuideoidh go mór leo fáil a fhad leis an tríú leibhéal; tá an ráta dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal is airde ag ár ndaltaí PLC amach as na soláthraithe PLC uilig.

Mholfainnse go láidir do mhic léinn labhairt lena dTreoirchomhairleoir faoi roghanna FET agus printíseachta nó fáil i dteagmháil lenár Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ar 074 91 78088 nó lenár nOifigeach Earcaíochta Tara McGuire ar 074 91 20500 le breis eolais a fháil.”

Is féidir gach rogha FET agus tríú leibhéal mar aon le heolas faoi phrintíseachtaí a fháil ar an CAO ar http://www.cao.ie/options.

Cróna Gallagher, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET), ETB Dhún na nGall. .