An Chéad Chúrsa Deimhnithe san Fhíodóireacht in Éirinn Seolta

Group of people
An chéad chohórt de mhic léinn ETB Dhún na nGall atá ag gabháil don chúrsa Fíodóireacht Dhún na nGall (ina suí) le teagascóirí, le baill foirne agus le lucht bainistíochta ag seoladh oifigiúil an chúrsa oiliúna nua de chuid ETB Dhún na nGall.

Seoladh an chéad chúrsa deimhnithe san fhíodóireacht riamh sa tír i gCill Charthaigh i gContae Dhún na nGall.

Tá an cúrsa oiliúna lánaimseartha i bhFíodóireacht Dhún na nGall forbartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus tá sé deimhnithe ag Údarás Cáilíochtaí na hAlban.

Rinne an ETB é a fhorbairt i ndiaidh breithniú a dhéanamh ar an dóigh is fearr le tacú le Fíodóireacht Dhún na nGall a chaomhnú mar cheird dhúchasach, ceird a mhair leis na céadta bliain, agus a d’athraigh do dtí an dóigh a bhfuil sí anois i ndiaidh an Ghorta Mhóir nuair a bunaíodh Magee Clothing sa bhliain 1866.

75 bliain d’aois an mheánaois atá ag fíodóir i nDún na nGall inniu, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann nach mbeidh duine ar bith ar fáil le tionscal na seolta cumhachtacha agus tionscal na lámhfhíodóireachta a choinneáil ag gabháil: is sainscileanna iad na scileanna a bhaineann le tiúnáil seoil, deilbhiú agus críochnú agus mura gcuirfear oiliúint ar fhíodóirí óga, seans go gcaillfear na scileanna sin go deo. Cuidíonn an cúrsa le mic léinn na scileanna agus an cheardaíocht a bhaineann le fíodóireacht Dhún na nGall a fhoghlaim, rud a chinnteoidh go mbeidh daoine oilte ar fáil do na tionscail sin amach anseo.

Tá réimse leathan mac léinn ag gabháil don chúrsa faoi láthair, ó dhaoine atá go mall ina gcuid déaga do daoine atá go mall ina gcuid caogaidí. Tá an cheird go smior ag cuid de na mic léinn; is iad an tríú nó an ceathrú glúin atá ag gabháil don fhíodóireacht agus tá siad ag úsáid seolta a gcuid seanaithreacha leis an traidisiún a choinneáil ag gabháil. Bhog cuid de na mic léinn ó Bhaile Átha Cliath agus ó Chontae na Mí go Dún na nGall leis an chúrsa a dhéanamh.

Woman speaking
Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair.

Agus í ag seoladh an chúrsa, dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair “Tá lúcháir orainn go raibh ETB Dhún na nGall ceannródaíoch maidir leis an chúrsa sin, rud a chinnteoidh go mbeidh an traidisiún táirgthe bréidín i nDún na nGall a bhfuil clú agus cáil air ar fud na cruinne tugtha ar aghaidh do ghlúnta atá le teacht.”

Maireann an cúrsa aon seachtain is daichead agus nuair a bhí sé á fhorbairt chuathas i gcomhairle le roinnt mórchomhlachtaí fíodóireachta agus le fíodóirí i nDún na nGall lena n-áirítear Magee Clothing, McNutt of Donegal, Molloy and Sons agus Studio Donegal. Chuidigh Peter Sweeney, iarfhostaí de chuid Magee Clothing, leis an chúrsa a chur le chéile.

Chuathas i gcomhairle le Harris Tweed Authority in Albain chomh maith as siocair gur fhorbair siad sainoiliúint sa réimse sin roimhe sin le tacú le fíodóireacht na hAlban a chaomhnú.

Man speaking
Mórfhíodóir agus Teagascóir John Henna.

Buíochas leis an chomhoibriú sin, tá na mic léinn ábalta dul ar shocrúchán oibre a mhairfidh dhá sheachtain déag. Beidh cuid dá gcuid oiliúna ar siúl in Magee Clothing ar sheolta Hattersley agus ar na seolta cumhachta, fad is go mbeidh an oiliúint thraidisiúnta á cur ar fáil ag John Heena, Mórfhíodóir le Studio Donegal a tharraing aird ar an dóigh a mbeadh na mic léinn ábalta cur go mór leis an tionscal tráchtála fíodóireachta.

Woman speaking
Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher.

Agus í ag caint faoi fhorbairt an chúrsa, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna, Cróna Gallagher “Iarracht ollmhór chomhoibritheach a bhí ann ó na páirtithe leasmhara uilig – fíodóirí, comhlachtaí éadaigh, Harris Tweed Authority, Údarás Cáilíochtaí na hAlban agus an ETB. Creidim go bhfuil toradh na hoibre sin ina rud an-speisialta – cúrsa a chaomhnaíonn an scil uathúil agus speisialta a bhaineann le fíodóireacht Dhún na nGall fad is do dtugann sé aghaidh ag an am céanna ar an dúshlán a bhaineann le dul i ngleic le ganntanas scileanna trí oiliúint atá dírithe ar fhostaíocht a chur ar fáil.”

Agus é ag tréaslú le ETB Dhún na nGall agus le gach duine a bhí páirteach i bhfíorú na físe seo, ghuigh Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Barry Sweeney, gach rath ar an chéad ghrúpa de rannpháirtithe ar an chúrsa agus dúirt, “Tá lúcháir orm go bhfuil an Clár Fíodóireachta faoi lán seoil i gCill Charthaigh anois. Creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, ní hamháin an cheird thraidisiúnta sin a choinneáil beo ach í a chothú agus ligean di an pobal agus an geilleagar áitiúil a fhás, rud a chinnteos go mbeidh Iardheisceart Dhún na nGall ina cheannródaí go hidirnáisiúnta maidir le fíodóireacht thraidisiúnta ar ardchaighdeán.”

Tá an cúrsa oiliúna maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU, agus tá lear poiblíochta idirnáisiúnta faighte aige cheana féin. Cuireadh tríocha a hocht comhpháirtí idirnáisiúnta den chlár European Horizon 2020 RURITAGE ar an eolas faoin chúrsa mar shampla de ghníomhaíocht dea-chleachtais a bhféadfaí aithris a dhéanamh air i gceantair thuaithe eile de na tíortha comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Díríonn RURITAGE ar cheantair thuaithe a athnuachan trí oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha.

Féach ar an mhír a bhí ar Nuacht RTÉ (26 Aibreán) faoin chúrsa anseo.