Cúrsaí Oiliúna

CAD IS CÚRSA OILIÚNA ANN?

Is éard is cúrsa oiliúna ann cúrsa lánaimseartha scileanna gairme a bhfuil sé mar aidhm aige réitigh sholúbtha oiliúna a chur ar fáil maidir le riachtanais shainaitheanta earnáil na tionsclaíochta in Éirinn agus gnólachtaí áitiúla. Tá Cúrsa Oiliúna solúbtha go leor, ní hamháin le buntáistí oiliúna a chur ar fáil laistigh de réimse leathan earnálacha tionscail, ach le cuidiú le comhlachtaí de mhéideanna éagsúla, ó ghnólachtaí beaga áitiúla go dtí comhlachtaí ilnáisiúnta, le haghaidh a thabhairt ar a riachtanais scileanna faoi seach.

Maoiníonn Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa cúrsaí oiliúna mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Féachann cúrsaí oiliúna le freastal ar riachtanais oiliúna agus forbartha earnáil na tionsclaíochta in Éirinn, fiontar agus gnólachtaí trí chultúr a fhorbairt san ionad oibre a spreagann foghlaim agus forbairt fostaithe agus trí dhea-chleachtas a chur chun cinn maidir le scileanna úra a fháil trí oiliúint. Cuireann sé cáilíochtaí aitheanta agus conairí gairme sainaitheanta agus bealaí chun cinn ar fáil don fhoghlaimeoir, ag úsáid an mheascáin is fearr d’eolas agus de shaineolas an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (ETB). Forbraíonn foghlaimeoirí scileanna úra trí mheascán de mhodúil oiliúna deimhnithe a sheachadtar trí fhoghlaim lonnaithe sa seomra ranga in ETB agus foghlama obairbhunaithe struchtúrtha i gcomhlachtaí óstacha rannpháirteacha.

Cad iad na buntáistí duitse?

  • Bheith rannpháirteach maidir leis an chúrsa oiliúna a mhúnlú.
  • An deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí foghlaim chuí a fháil san ionad oibre, foghlaim a bhaineann lena slí bheatha.
  • Cur le feidhmíocht d’eagraíochta trí chúrsa oiliúna a thairiscint do dhaoine aonair atá spreagtha agus tiomanta do shlí bheatha a leanúint sa tionscal.

Cad atá de dhíth orainn uait?

Tá muid ag iarraidh ortsa na rudaí seo a leanas a chur ar fáil:

  • Samplaí de chonairí gairme i do thionscal.
  • Aiseolas agus an clár oiliúna á fhorbairt.
  • Deiseanna foghlama obairbhunaithe d’fhoghlaimeoirí atá bainistithe agus struchtúrtha.

Cé a bheidh páirteach?

Fostóirí, Bord Oideachais agus Oiliúna, Comhpháirtithe, Saineolaithe Tionscail, SOLAS.

Cúrsaí Oiliúna Reatha in ETB Dhún na nGall:

Cé a bheidh páirteach?

Cuireann muid réimse Cúrsaí Oiliúna ar fáil lena n-áirítear:

Cúrsa Oiliúna in Uath-Thastáil Bogearraí

  • Speisialtóir Scéimhe
  • Riarachán Gnó agus Gairmiúil
  • Suiteáil Córas Cumarsáide
  • Eolaí Sonraí
  • Fíodóireacht Dhún na nGall
  • Innealtóireacht – Táthú agus Oibriú Miotail
  • Gruagaireacht
  • Tacaíocht Cúraim Sláinte
  • Gairneoireacht
  • Cleachtas Míchumas Intleachtúil
  • Innealtóireacht Mhuirí
  • Riarachán Leighis/Dlí
  • Teagascóir Gníomhaíochtaí Allamuigh
  • Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí

Le níos mó eolais a fháil:

Guthán: 074 91 20500

Ríomhphost: coursesdonegaltc@donegaletb.ie

Le heolas a fháil faoi Chúrsaí Oiliúna ar fud na tíre, féach ar www.traineeship.ie.