Fostaithe a Uas-sciliú

ETB DHÚN NA NGALL AG OBAIR LE FOSTÓIRÍ

Cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí Páirtaimseartha/Tráthnóna ar fáil trasna réimse earnálacha is féidir le fostóirí a úsáid lena bhfostaithe a oiliúint nó a uas-sciliú. Faoin Tionscnamh maidir le Scileanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh, tig le ETB Dhún na nGall tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha san fhórsa saothair, go háirithe iad siúd nach bhfuil mórán scileanna acu agus a bhfuil níos mó deiseanna de dhíth orthu le dul chun cinn a dhéanamh ina saol oibre. Tá tacaíochtaí ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) a bhfuil roinnt cuidithe de dhíth orthu le hinfheistíocht a dhéanamh ina bhfórsa saothair agus é a fhorbairt.

Cúrsaí Páirtaimseartha    

Cuireann ETB Dhún na nGall oiliúint chreidiúnaithe pháirtaimseartha ar fáil ag Leibhéil 1-6 QQI lena n-áirítear dámhachtainí díoltóra. Is féidir rochtain a fháil ar an oiliúint seo ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear tionscnaimh ar nós Scileanna maidir le Dul Chun Cinn a Dhéanamh (a chuireann maoiniú ar fáil), Scileanna don Obair, soláthar páirtaimseartha agus tráthnóna. 

Le níos mó eolais ar Scileanna don Obair (Leibhéil 1-3) a fháil déan teagmháil le Donna ar 086 6069381 nó seol ríomhphost chuig: donnamcdade@donegaletb.ie.

Le níos mó eolais ar Scileanna maidir le Dul Chun Cinn a Dhéanamh (Leibhéil 4-6), déan teagmháil le Dearbhla nó Lorraine ar 0749120500 nó seol ríomhphost chuig: skillstoadvance@donegaletb.ie.

Féach ar Chúrsaí Páirtaimseartha

 

An Clár maidir le Scileanna don Obair

Is clár náisiúnta é a bhfuil sé mar aidhm aige cúrsaí oiliúna a chur ar fáil d’fhostaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha. Tá an clár dírithe ar oibrithe nach bhfuil mórán scileanna acu, go háirithe.

Le níos mó eolais ar Scileanna don Obair a fháil déan teagmháil le Margaret Timoney ar 086 7015102 nó seol ríomhphost chuig: margarettimoney307@donegaletb.ie.ie.

Léigh níos mó

 

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL)

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) ann próiseas a mhapálann scileanna agus eolas a foghlaimíodh trí thaithí oibre agus trí thaithí saoil le dámhachtain QQI cuí. Seachnaíonn an próiseas RPL dúbláil na foghlama mar nach n-éilíonn sé ort suí isteach ar chúrsa le rud éigin a fhoghlaim atá tú ábalta a dhéanamh cheana féin.

Léigh níos mó

 

Oiliúint Shaincheaptha   

An bhfuil riachtanas oiliúna ag do Chomhlacht/d’Earnáil nach bhfuil clúdaithe ag na cúrsaí atá á dtairiscint againn? Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chúrsaí a chur ar fáil a bhaineann le riachtanais earnáil na tionsclaíochta agus ba mhaith leis cloisteáil uait má tá cúrsa ar leith de dhíth ag d’fhostaithe. 

Léigh níos mó

 

Cúrsaí ar líne

Féach ar an réimse leathan cúrsaí ar líne atá á gcur ar fáil ag ETB Dhún na nGall i gcomhar le eCollege/SOLAS.    

Léigh níos mó