Scileanna don Obair

STRAITÉIS NÁISIÚNTA SCILEANNA 

Is clár náisiúnta é Scileanna don Obair le cúrsaí oiliúna a chur ar fáil d’fhostaithe lánaimseartha nó páirtaimseartha. Tá an clár dírithe ar oibrithe nach bhfuil mórán scileanna acu den chuid is mó, daoine nach mbeadh an muinín acu glacadh le hathruithe san ionad oibre, gan an deis a bheith acu páirt a ghlacadh san oiliúint seo. Tá an tionscnamh seo á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann faoin Roinn Oideachais agus Scileanna, agus á sheachadadh ag na Boird Oideachais agus Oiliúna.

 

Cad atá i gceist sa Chlár Scileanna don Obair  

Tá Scileanna don Obair mar pháirt den Straitéis Náisiúnta Scileanna. Aithníonn an straitéis sin go bhfuil nádúr an ionaid oibre i gcónaí ag athrú; bíonn níos mó rudaí le déanamh ag fostaithe an t-am ar fad agus tá géarghá le forsa saothair atá solúbtha, i gcónaí ag foghlaim agus ábalta fás agus forbairt.

Cén dóigh ar féidir le comhlacht an deis seo a thapú?

Déan teagmháil le Comhordaitheoir Scileanna don Obair ar 086-6069381 nó seol ríomhphost chuig donnamcdade@donegaletb.ie

Cé hiad na daoine a ghlacann páirt i gcláir Scileanna don Obair de ghnáth?
  • Fostaithe ar íocaíocht (lánaimseartha nó páirtaimseartha)
  • Daoine a bhfuil beagán cáilíochtaí oideachais, cáilíochtaí atá as dáta, nó cáilíochtaí ar bith acu
  • Daoine thar 18 mbliana d’aois
Cén caighdeán atá i gceist le seachadadh an chláir?

Teagascóirí ETB a sheachadann na cláir atá ar ardchaighdeán. D’fhéadfaí na cúrsaí a chreidiúnú ag leibhéil QQI 3 nó 4. Cuirtear cláir neamhchreidiúnaithe ar fáil fosta. Tá gach cúrsa Scileanna don Obair dírithe ar shainriachtanais gach comhlachta aonair, agus tig leo doiciméid agus ábhair an ionaid oibre a chur san áireamh. 

Cén dóigh a rachadh Scileanna don Obair chun tairbhe do do ghnólacht?
  • Fórsa saothair oilte agus cáilithe a chinntiú 
  • Caighdeán agus torthaí/aschur a fheabhsú
  • Feidhmíocht foirne níos fearr
  • Caidrimh idir an lucht oibre agus an lucht bainistíochta a fheabhsú 
  • Taifead sláinte agus sábháilteachta níos fearr   
  • Fostaithe a choinneáil níos fearr   
  • Níos mó deiseanna ardaithe céime do bhaill foirne 
  • Brabúis níos mó an toradh a bhíonn ar thorthaí táirgiúlachta níos fearr
  • Is féidir gan an oiread sin a chur amú agus airgead a shábháil ach croíscileanna a fheabhsú
  • Cuir le clú do chomhlachta mar eagraíocht foghlama ar ardchaighdeán
  • Níl aon táillí teagaisc ann don fhostaí ná don fhostóir
I measc na mbuntáistí d’fhostaithe tá:
  • Níos mó muiníne, spreagtha agus eolais                                  
  • Méadú ar inniúlacht agus ar leibhéil scileanna   
  • Deiseanna ardaithe céime níos fearr  
  • Torthaí feidhmiúlachta níos fearr agus daoine níos sásta lena gcuid oibre 
  • Solúbthacht agus iomaíochas                          
  • Is féidir scileanna agus eolas úr a chur i bhfeidhm i gcásanna praiticiúla                     
  • Is féidir leo athruithe i gcleachtais oibre a bhainistiú níos fearr
  • Osclaíonn sé an doras chuig deiseanna breise oideachais
Seo sampla de chuid de na cúrsaí atá ar fáil:
  • Bunríomhaireacht agus Meánríomhaireacht 
  • Scarbhileoga/Powerpoint agus cuir i láthair/Idirlíon agus Ríomhphost            
  • TF d’fheirmeoirí                   
  • Scileanna Pearsanta & Idirphearsanta  
  • Forbairt Ghairmiúil      
  • Cumarsáid san Ionad Oibre             
  • Seirbhís do Chustaiméirí                       
  • Bunchúrsa Sláinte & Sábháilteachta           
  • Matamaitic don Ionad Oibre            

                    

Tuilleadh Eolais:

Donna McDade, Comhordaitheoir, Scileanna don Obair

Guthán: 086-6069381
Ríomhphostdonnamcdade@donegaletb.ie

Cad a deir fostóirí agus fostaithe atá páirteach sa chlár faoi Scileanna don Obair?

Eispéireas iomlán dearfach a bhí ann do na fostaithe uilig a ghlac páirt sa chlár.  Thosaigh sé amach mar scéim phíolótach ach anois is deis leanúnach é atá ar fáil dár gcuid fostaithe.” 
Siopa Ilrannach Arnotts, Baile Átha Cliath.

Tá an muinín agam glacadh le dualgais bhreise oibre agus chuir mé m’ainm ar aghaidh le cúrsa maoirseoirí a dhéanamh.”
Fostaí, Tionscal na Cógaisíochta.

‘…Chuidigh sé liom leis na bunscileanna TF uilig.  Bhí mé ábalta baincéireacht ar líne a shocrú suas, rud a bhí riachtanach don ghnólacht.  Ghlac baill foirne páirt sa chúrsa fosta agus bhí siad ábalta an bhialann a fhógairt tríd na meáin shóisialta, Facebook.  Bhí na baill foirne ábalta biachláir agus póstaeir laethúla a dhéanamh do bhialann. Bhain mise an-tairbhe as an chúrsa agus mholfainn do dhuine ar bith é.’ 
Mary Matthews, Bialann Shannon’s Corner, Sráid an Easpaig, Béal Átha Seanaidh.

Tá sé go hiontach… tá sé éasca foghlaim i ngrúpaí beaga agus le teagascóir den chéad scoth.  Tig liom baincéireacht ar líne a dhéanamh anois, ríomhphost a úsáid do mo ghnólacht, sonraisc a fháil ar líne.  Cuidíonn na rudaí sin ar fad liom i mo ghnólacht.”
P.J O’Reilly, Siopa Éisc Uí Raghallaigh, Béal Átha Seanaidh.