Oideachas Pobail

Cad is Oideachas Tacaíochta Pobail ann?

Tacaíonn an Clár Tacaíochta Oideachais Pobail le cúrsaí oideachais d’aosaigh a sheachadadh sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh costais teagaisc agus tacaíocht maidir le cúrsaí a chur ar bun. Tá sé mar aidhm ag an chlár daoine fásta a bhfuil beagán cáilíochtaí/cailíochtaí ar bith acu a spreagadh le páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí oideachais, le cur lena bhféinmhuinín mar dhaoine aonair agus le cuidiú lena bpobal a fhorbairt. 

Aidhmeanna an chláir 

  • Tacú le soláthraithe oideachais pobail le deiseanna oideachais atá lonnaithe go háitiúil a eagrú agus a sheachadadh do ghrúpaí daoine nach dtapaíonn deiseanna mar sin de ghnáth. Tá na cúrsaí neamhchreidiúnaithe de ghnáth ach d’fhéadfadh teastasú a bheith i gceist. 

  • Forbairt grúpaí agus gníomhaíochtaí úra oideachais pobail i nDún na nGall a chur chun cinn agus tacú leo.    
  • Tacú leis an earnáil oideachais pobail trí dheiseanna oiliúna agus comhroinnte faisnéise a chur ar fáil.
  • Sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailiú ar ghníomhaíocht oideachais pobail i nDún na nGall.
Spriocghrúpaí
  • Grúpaí pobalbhunaithe fear agus ban
  • Grúpaí Ealaíon Pobail        
  • Taistealaithe 
  • Daoine Breacaosta 
  • Daoine Faoi Mhíchumas
  • Grúpaí Tuismitheoirí Aonair 
  • Grúpaí Mionlach Eitneach
  • Grúpaí Daoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha agus Trasinscneacha
D’fhéadfadh maoiniú a bheith ar fáil do na nithe seo a leanas
  • Cuidiú maidir le táillí teagaisc 
  • Ábhair ata de dhíth le haghaidh rang nó gníomhaíocht ar leith  
  • Cuidiú maidir le costais riaracháin
  • Ionad a fháil ar cíos
  • Poiblíocht
  • Réamhfhorbairt / obair le grúpaí maidir le hacmhainn an phobail a fhorbairt
An dóigh le cur isteach ar Mhaoiniú agus Treoirlínte

Caithfidh foirmeacha iarratais comhlánaithe maidir le maoiniú a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5 seachtaine roimh dháta tosaigh sceidealaithe an chúrsa.

Sonraí Teagmhála

Orla Winters
Áisitheoir Oideachais Pobail
(Ceantair Ghaeltachta, Iarthar & Desiceart Dhún na nGall)
Guthán: 074 972 5520
Ríomhphost: orlawinters@donegaletb.ie

Catherine Friel
Áisitheoir Oideachais Pobail
(Inis Eoghain, Theas & Oirthear Dhún na nGall)
Guthán: 087 1853050
Ríomhphost: catherinefriel@donegaletb.ie

Dawn Sweeney
Riarthóir, Ard Scoil na gCeithre Máistir,
Tír Chonaill St. Baile Dhún na nGall
Guthán: 074 9725520 
Ríomhphost: communityeducation@donegaletb.ie

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Malin Head Community maidir le dóigh ar thacaigh Oideachas Pobail iad anseo. 

Léigh scéalta Paul, Annie agus Claire maidir le dóigh ar thacaigh Oideachas Pobail anseo. 

Mar gheall ar an chineál oideachais atá ann, tá soláthar Oideachais Pobail bunaithe ar riachtanais an phobail agus eagraithe go háitiúil.

TACAÍOCHTAÍ OIDEACHAIS POBAIL

Tá na cláir seo a leanas ar fáil agus tú ar ár gClár Oideachais Pobail