Printíseachtaí

Cad is printíseacht ann?

Is éard is Printíseacht ann clár oideachais agus oiliúna struchtúrtha a thugann le chéile agus a athraíonn foghlaim san ionad oibre le foghlaim in ionad oideachais nó oiliúna. Is déchóras atá ann, ar meascán cumaisc é d’oiliúint ar an láthair oibre, fostóirbhunaithe agus oiliúint ar shiúl ón láthair oibre, rud a ullmhaíonn an rannpháirtí le haghaidh post ar leith, a bhfuil cáilíocht atá aitheanta go náisiúnta ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí ó Leibhéal 5 – Leibhéal 10 mar thoradh air.

Tuilleann printísigh agus iad ag foghlaim agus forbraíonn siad scileanna luachmhara oibre i ngairm atá roghnaithe acu. Tugann printíseachtaí deiseanna maithe fostaíochta do rannpháirtithe; tá an fhoghlaim bunaithe ar an taithí phraiticiúil a bhaineann le fíorobair a dhéanamh.

Tá printíseachtaí ar fáil sna hearnálacha seo a leanas: Tógáil, Leictreach, Innealtóireacht, Airgeadas, Fáilteachas, TFC, Lóistíocht, Bithchógaisíocht, Mótar/Carranna, Seirbhísí Maoine, agus tá níos mó á bhforbairt.

Fostaíonn fostóir faofa printísigh ar feadh fhad an chláir a mhaireann idir 2-4 bliana de ghnáth. De ghnáth, tá 50% den fhoghlaim ar a laghad bunaithe ar an láthair oibre sna cláir a chuireann cláir phrintíseachta ar fáil. 

Is féidir eolas breise a fháil ar www.apprenticeship.ie 

Is féidir le lucht fágála scoile tuilleadh eolais faoi phrintíseachtaí a fháil sa bhróisiúr eolais seo: Roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do Lucht Fágála Scoile.

Riachtanais Iontrála:

  • Fostaíocht a fháil le fostóir faofa.
  • Athraíonn critéir oideachais agus aoise ag brath ar an phrintíseacht.  Seiceáil www.apprenticeship.ie le haghaidh riachtanais iontrála.

Buntáistí d’Fhostóirí:

Tá printíseachtaí bunaithe ar chaighdeáin chomhionanna, réamhshonraithe agus tionscalaontaithe.
Cloíonn printíseachtaí le riachtanais reatha agus amach anseo na gairme atá roghnaithe acu trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhorbairt agus a mheas go córasach. Éiríonn printíseachtaí níos táirgiúla agus baineann siad amach caighdeáin oibre éifeachtúla níos gaiste.

Is féidir le fostóirí ar mian leo printísigh a earcú a bhfolúntais a fhógairt ar Jobs Ireland agus fosta ar www.apprenticeshipjobs.ie.   Mar sin féin, sular féidir printíseacht a chlárú, ní mór d’fhostóirí teagmháil a dhéanamh leis an Fhoireann Printíseachtaí lena chinntiú go bhfuil siad faofa le printísigh a earcú.

Tá eolas úsáideach d’fhostóirí ar fáil ón Suíomh Gréasáin Náisiúnta Printíseachtaí fosta.

Tabhair do d’aire, le do thoil: Ní chuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar fáil ach eilimint Chéim a 2 do na printíseachtaí seo a leanas: Mótarmheicníocht, Leictreach, Córais Slándála Leictreonacha, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht agus Pluiméireacht. Mar sin féin, is féidir printísigh a chur chuig áiteanna taobh amuigh den chontae sa dóigh nach gcuirfear moill ar a ndul chun cinn.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara i gcás na bpríntíseachtaí ceardaíochta go ndéantar iomlán na n-eilimintí oiliúna do Chéim 4 agus 6 in áiteanna taobh amuigh den chontae. 

Sonraí Teagmhála

Foireann Printíseachtaí ETB Dhún na nGall, Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn

Comhairleoir Sinsearach Oiliúna
Lorraine Murray

Comhairleoir Sinsearach Oiliúna 
Claire Lernihan

Oifigeach Tacaíochta Printíseachta
Claire Gillepsie

Oifigeach Cléireachais
Laura Darby, Teresa Duffy

Bainisteoir
Vinny McGroary


Guthán:
074 9120500 /  087 1183137
Ríomhphost: apprenticeship@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.

Scéalta ó Phrintísigh

Léigh scéal Mark maidir le printíseacht Mhaoirseacht Miondíola.

Léigh scéal Andrea maidir le printíseacht Mhótarmheicnice agus scéal Chaoimhe faoina printíseacht Uirliseoireachta.

Léigh scéal Demi maidie le printíseacht Mhótarmheicnice agus scéal Colleen faoina Printíseacht Leictreach.

Léigh scéal Declan maidir le phrintíseacht sna réimsí Oibriú Miotail, Cuisniúchán agus Aerchóiriúchán.

Léigh scéal Emma maidir le printíseacht Siúinéireachta agus Adhmadóireachta.

Léigh scéal Declan maidir phrintíseacht Phluiméireachta.

De ghnáth, tá 50% den fhoghlaim ar a laghad bunaithe ar an láthair oibre sna cláir a chuireann cláir phrintíseachta ar fáil.

Tacaíochtaí Clár Printíseachta

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar ár gClár Printíseachta.

OILIÚINT

Is déchóras é oiliúint, ar meascán cumaisc é d’oiliúint ar an láthair oibre, fostóirbhunaithe agus oiliúint ar shiúl ón láthair oibre.