Coláiste Ailigh

Ráiteas Misin: I gcomhar leis an phobal uilig tá an Coláiste tiomanta d’oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireann an scoil meas ar chothú an chultúir Ghaelaigh chun cinn i bpobal na scoile agus creideann sí sna nithe seo a leanas: cothromaíocht, luach an duine agus spiorad na hintinne, pearsantacht, spioradáltacht, moráltacht agus forbairt agus inspioráid an pháiste.

Osclaíodh Coláiste Ailigh i Meán Fómhair 2000 i dTeach Sprackburn i Leitir Ceanainn, agus ba é an tríú scoil lán-Ghaeilge de chuid ETB Dhún na nGall é. Freastalaíonn an scoil, ní hamháin ar dhaltaí ó cheantar Leitir Ceanainn, ach fosta tá daltaí ar an rolla ó Fhanaid, ó Charraig Airt, ó na Dúnaibh, ón Chraoslach, ón Tearmann agus ón tSrath Bhán.

I Samhain 2013 ghlac an scoil céim ollmhór chun tosaigh ar thuras Choláiste Ailigh nuair a bhog siad isteach i bhfoirgneamh úr scoile i gCnoc na Móna, an chéad scoil faoi chúram ETB Dhún na nGall le bheith tógtha faoin scéim Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí. An Taoiseach, Enda Kenny TD a d’oscail an scoil go hoifigiúil sa bhliain 2014.

Freastalaíonn Scoil Ailigh ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge:

Cláir atá ar fáil  

  • Teastas Sóisearach (JC)        
  • Idirbhliain (TY)  
  • Ardteistiméireacht (LC)                 
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)  

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE AILIGH

Sonraí Teagmhála

Coláiste Ailigh
Cnoc na Móna
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 N2HE

Guthán: 074 91 25943
láithreán gréasáin: www.colaisteailigh.com

Príomhoide: Seán Mac Suibhne
Ríomhphost: seanmacsuibhne@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Rose McLaughlin
Ríomhphost:rosemclaughlin113@donegaletb.ie

Riarthóir: Margo Doherty
Ríomhphost: margodoherty@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.