Coláiste Cranncha

Ráiteas Misin: Is é ár misean timpeallacht shuaimhneach, chomhbhách agus chruthaitheach a chruthú, áit a dtugtar na deiseanna is fearr do gach dalta le barr a gcumais a bhaint amach, eolas a fháil agus dearcadh dearfach a fhorbairt maidir le: obair, an saol agus a bpobal.

Tá súil againn go bhfuil gach duine i gColáiste Cranncha ag obair chomh maith agus atá ar a gcumas sa bhaile agus ar scoil, go léiríonn siad meas orthu féin agus ar dhaoine eile, go dtugann siad cúram don scoil agus do thimpeallacht an phobail, go léiríonn siad bá le sláinte agus sábháilteacht s’acu féin agus daoine eile. Féachann muid le gach dalta a spreagadh le foghlaim, smaoineamh, aire a thabhairt dá chéile agus spriocanna a bhaint amach.

Scoil fhorásach chomhoideachais DEIS is ea Coláiste Cranncha agus tá tuairim is 560 dalta ag freastal uirthi.  D’infheistigh muid go mór i TFC mar uirlis le tacú le foghlaim daltaí; úsáideann daltaí réimse gléasanna agus ardán le cur le heispéiris foghlama.  Is scoil phíolótach muid don ghearrchúrsa Códaithe de chuid DES agus tá muid á fhorbairt ar bhonn leanúnach laistigh dár scoil.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil                             

  • Teastas Sóisearach (JC)            
  • Idirbhliain (TY)                    
  • Ardteistiméireacht (LC)       
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP)               
  • An Ardteistiméireacht  Fheidhmeach (LCA)        
  • Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE CRANNCHA

Sonraí Teagmhála

Coláiste Cranncha
Bóthar Cranncha
Bun Cranncha
Co. Dhún na nGall 
F93 D568

Guthán: 074 9361113
Láithreán Gréasáin: cranacollege.com

Príomhoide: Kevin Cooley
Ríomhphost: kevincooley@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Sinead Anderson
Ríomhphost: sineadanderson@donegaletb.ie

Riarthóir: Cathy Doherty
Ríomhphost: cathydoherty@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.