Coláiste Pobail Cholmcille

Ráiteas Misin: Oideachas leathan, Gaelach a chur ar fáil do gach dalta de réir a c(h)uid spéiseanna agus riachtanas ionas, i gcomhar leis an fhoireann, go mbainfidh sé/sí barr a c(h)umais amach.

Is scoil chomhoideachais é Coláiste Pobail Cholmcille a leagann béim mhór ar na caighdeáin oideachais is airde agus tá Gaeilge agus an cultúr Gaelach ag croílár shaol na scoile.

Osclaíodh Coláiste Pobail Cholmcille sa bhliain 1999 le freastal ar pháistí agus ar dhaoine fásta Thoraí. Sular bunaíodh an scoil, bhí ar aos óg an oileáin slán a fhágáil lena dteaghlaigh agus lena mbaile agus leanúint leis an oideachas dara leibhéal nach raibh ar fáil ach ar tír mór ag an am. D’oibir Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall i gcomhar le tuismitheoirí an Oileáin lena chinntiú go dtiocfadh le haos óg Thoraí leas a bhaint as oideachas dara leibhéal sa bhaile ar an oileán.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil                    

  • Teastas Sóisearach (JC)   
  • Idirbhliain (TY)    
  • Ardteistiméireacht (LC)

GRIANGHRAIF Ó CHOLÁISTE POBAIL CHOLMCILLE

Sonraí Teagmhála

Coláiste Pobail Cholmcille
Oileán Thoraí
Doirí Beaga
Co. Dhún na nGall
F92 X023

Guthán: 074 9165448
Láithreán Gréasáin: www.cpcthorai.ie

Príomhoide: Patrick Queenan
Ríomhphost: cpcthorai@donegaletb.ie

Riarthóir: Donna McClafferty
Ríomhphost:donnamcclafferty@donegaletb.ie

 

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.