Gairmscoil Chú Uladh

I Meán Fómhair 1982 osclaíodh an dara scoil lán-Ghaeilge sa chontae i mBéal an Átha Móir i gceantar na Gaeltachta Láir, ceantar a shíneann ó Ghleann Fhinne go dtí an Dúchoraidh agus na Gleannta. De réir mar a tháinig méadú ar líon na ndaltaí, bhí gá le foirgneamh scoile mar is ceart agus osclaíodh é sin sa bhliain 1984.

I Meán Fómhair 2006, d’fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta go gceadófaí athchóiriú agus síneadh nach beag don scoil, rud a chosnódh tuairim is €2.4m. Mary Coughlan, T.D. Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta a d’oscail an scoil athchóirithe agus an síneadh úr go hoifigiúil i mí na Bealtaine 2008.

Freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil tríd an réimse seo a leanas de chláir a chur ar fáil:

Cláir atá ar fáil                        

  • Teastas Sóisearach (JC)      
  • Idirbhliain (TY)
  • Ardteistiméireacht (LC)            
  • Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) 
  • Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS)

GRIANGHRAIF Ó GHAIRMSCOIL CHÚ ULADH

Sonraí Teagmhála

Gairmscoil Chú Uladh
Béal an Átha Móir
An Clochán
Leifear
Co. Dhún na nGall
F93 DK03

Guthán: 074 9546133
Láithreán Gréasáin: www.cuuladh.ie

Príomhoide: Ciarán Mac Ruaidhrí
Ríomhphost: gcu@donegaletb.ie

Príomhoide Tánaisteach: Aoife De Náis
Ríomhphost: aoifenash@donegaletb.ie

Riarthóir: Brenda McGeehan
Ríomhphost:brendamcgeehan@donegaletb.ie 

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.