Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn

Tá Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn lonnaithe ar Eastát Tionsclaíochta Bhaile Raithin ar Bhóthar Ráth Mealtain, Leitir Ceanainn. Tá réimse ceardlanna oiliúna agus seomraí ranga san ionad.

Cuireann an tIonad réimse cuimsitheach cúrsaí oiliúna ar fáil do réimse leathan foghlaimeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá ag dul isteach sa mhargadh fostaíochta den chéad uair, daoine ar mian leo uas-sciliú nó scileanna úra a fháil, iad siúd atá ag athrú post nó foghlaimeoirí faoi mhíchumas. Cuirtear cúrsaí ar fáil i lear mór réimsí foghlama san ionad agus i gceantair eile i nDún na nGall atá thart faoin ionad.

Cuirtear réimse clár ar fáil san Ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:

Cláir atá ar fáil

  • Printíseachtaí           
  • Cúrsaí Tráthnóna               
  • Oiliúint i Sainscileanna                       
  • Clár Sainoiliúna (STP)                 
  • Cúrsaí Oiliúna                         
  • Uas-sciliú san Ionad Oibre    

GRIANGHRAIF Ó IONAD OILIÚNA LEITIR CEANAINN

FÍSEÁN Ó IONAD OILIÚNA LEITIR CEANAINN

Sonraí Teagmhála

Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn
Bóthar Ráth Mealtain
Eastát Tionsclaíochta Bhaile Raithin
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 WR89

Guthán: 0749120500

Bainisteoir Cúnta Ionaid Oiliúna: Vinny McGroary
Ríomhphost: vinnymcgroary@donegaletb.ie 

Riarthóir: Fáiltíu
Ríomhphost: coursesdonegaltc@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.