FEIS i dToraí. | FEIS in Tory.

FEIS[lang_ie]Reáchtáladh Feis Thoraí na bliana seo Dé Sathairn, 18ú Bealtaine san Ionad Pobail. Bhí slua mór i láthair arís agus neart rannpháirtithe idir shean agus óg. Bá é an Dr. Lillis Ó Laoire, saineolaí ar amhránaíocht ar an tsean-nós agus amhránaí den chéad scoth a bhí mar fhear ‘a tí don ócáid. Doiminic Mac Giolla Bhríde, amhránaí cáiliúla eile den chéad scoth a rinne an mholtóireacht. Níorbh éasca an jab a bhí ag Doiminic mar bhí caighdeán na hamhránaíochta go hiontach ard ar fad. É sin ráite, phioc sé buaiteoirí agus ina measc bhí scoláire agus iar-scoláire Choláiste Phobail Cholmcille. Ba í Niamh Ní Dhúgain a bhain Corn Chuimhneacháin Shéamuis Uí Dhúgain don amhránaí is fearr faoi 18 mbliana déag d’aois; bhain Christina Nic Ruairí, a d’fhág an scoil i 2005 Corn Chuimhne na nAmhrán i roinn na ndaoine fásta. B’fhéidir go raibh an aimsir lofa ar an lá ach bhí an amhránaíocht thar cionn![/lang_ie]

[lang_en-uk]This year’s Feis Thoraí took place in the Community Centre on Saturday, 18th May. There was a great crowd in attendance and plenty of participants, both young and old. Dr. Lilis Ó Laoire, an expert on sean-nós singing and a first-class singer himself was master of ceremonies. Doiminic Mac Giolla Bhríde, another famous singer, was judge for the day. Doiminic did not have an easy task as the standard of the singing was extremely high. Nevertheless, he had to pick winners, and among them were a pupil and past-pupil of Coláiste Phobail Cholmcille. Niamh Ní Dhúgain won Corn Chuimneacháin Shéamuis Uí Dhúgain for the best singer under 18 years of age; Christina Nic Ruairí, who left the College in 2005, won Corn Chuimhne na nAmhrán in the adult section. Perhaps the weather was awful on the day, but the singing was excellent![/lang_en-uk]