Coláiste Phobail Cholmcille: An Scoil Dhigiteach | Coláiste Phobail Cholmcille: The Digital School

[lang_ie]Cuireadh tús le ré úr sa Choláiste Dé Céadaoin, 9 Meán Fómhair, nuair a dháileadh iPad’anna ar mhúinteoirí agus ar scoláirí. Le lán-tacaíocht ón Choiste Gairmoideachais / Bord Oideachais agus Oiliúna, shocraigh an Coláiste gur cheart an teicneolaíocht dhigiteach  a ghlacadh ar lámh agus í a úsáid i dteagasc agus i bhfoghlaim sa scoil. Níl ach tús déanta fós; tá iPad ag achan duine ar an scoil; tá cuid de na App’anna is tábhacht íoslódáilte agus tá pobal an Choláiste ag éirí cleachta leis na huirlisí úra de réir a chéile. ‘Sí an chéad chéim eile sa tionscnamh seo ná téacsleabhair i bhfoirm dhigiteach a fháil agus a úsáid. Ina dhiaidh sin beidh obair bhaile á tabhairt do na scoláirí, agus á tabhairt ar ais acu ar líne; cheana féin, tá cuid de chumarsáid inmheánach an Choláiste á dhéanamh ar líne. Is mór an dúshlán atá roimh achan duine sa scoil agus an teicneolaíocht úr seo á tabhairt isteach ach tá achan duine, idir mhúinteoirí agus scoláirí ag tabhairt faoi le croí mór. Tá sé iontach tábhachtach buíochas a ghabháil leo siúd in oifigí an Choiste a thug cúnamh don Choláiste i dtabhairt isteach an ré úr seo. Bhí Ciaran Cunningham agus Richard Vaughan fíorchabhrach agus murach iadsan ní bheadh a leithéid de thionscnamh curtha i gcrích. Buíochas freisin lenár nInterneach Teicneolaíochta, David Ó Mianáin, atá ag cuidiú leis na haineolaithe (múinteoirí!) ar bhonn laethúil. Ar ndóigh beidh an Coláiste ag bráth go mór orthu uilig sna laethanta atá amach romhainn agus é ag leanúint ar aghaidh le forbairt an oideachais tríd an teicneolaíocht.[/lang_ie]

[lang_en-uk]Wednesday, 9th September saw the start of a new era in the College when iPads were distributed to all teachers and students.. The College decided, with the full support of the VEC / Donegal ETB to adopt digital technology for use in teaching and learning in the school. A start has just been made; everyone in the school has an iPad;some of the most important Apps have been downloaded and everyone in the College is gradually becoming accustomed to the new technology. The next step is to get and use textbooks in digital format. After that, students will be given, and will return homework on line. The introduction of this new technology is a big challenge for everyone in the College, but everyone -teachers and students – is rising to the challenge with great enthusiasm.  It is very important to thank those in the VEC / ETB offices who have given great help to the College in introducing this new era. Ciaran Cunningham and Richard Vaughan have been very helpful and it would have been impossible to  implement this project without them. Thanks  as well to our Technology Intern, David Meenan, who is helping the novices (teachers!) on a daily basis. The College will, of course, continue to rely upon them as it continues to develop education through technology.[/lang_en-uk]