Duais eile scríbhneoireachta buaite ag Toraigh

Bhain Karen Ní Dhuibhir, atá sa bhliain dheireanach i gColáiste Phobail Cholmcille, an chéad áit sa chomórtas gearrscéil (faoi 21bliain) ag Oireachtas na bliana. Tá scéal Karen, Is faide an gáire an gáire deireanach, bunaithe ar eachtra fíor a tharla do bheirt deartháir le linn an dara chogadh domhanda.student

Bhí siad fostaithe ar an oileán le coirp a thiocfadh i dtír a thógáil agus a choinneáil go dtí do dtiocfadh iad a chur amach ‘na tíre. Ainneoin sin is scéal greannmhar é.

Tá duaiseanna eile bainte ag Karen cheana féin dá cuid scríbhneoireachta agus tá achan duine iontach bródúil aisti. Lean ort a Karen!