Lauren sa chéad áit arís.

Lauren sa chéad áit arís.

Bhain Lauren Ni Bhaoill as Toraigh an chéad áit i gcomórtas Uí Chonaire leis an scéal ‘Beidh cuimhne air’.

Seo an ceathrú duais náisiúnta bainte aici le sé bliana anuas as a cuid scríbhneoireachta.Laura Ni Bhaoill

Reachtáil Conradh na nGaeilge i nGaillimh comórtas gearrscéil, in ómos don scríbhneoir chliúteach Páraic Ó Conaire, a bhí foscailte do scríbhneoirí óga faoi bhun chúig bliana is fiche. Ba mhaith leis an Chonradh scríbhneoiri óga a spreagadh agus litríocht comhaimseartha a chur ar fáil do dhaoine óga. D’iarr siad gearrscéal a bheadh fóirsteanach do dhéagóirí idir 15-18,
agus sa scéal a scríobh Lauren, tá idir ghrá agus ghruaim, idir dóchas agus éadóchas.

€1000 a bhain Lauren don scéal is úire uaithi, agus deir sé go mbeidh sé ina chuidiú mhór aici agus í ag dul chun an choláiste san Fhómhair. Guímid gach rath uirthi agus tá súil againn go leanfaidh leis an scríbhneoireacht ansin.