Tiomsaithe airgid ag TFO d’Fheasachta Ailse Bhrollaigh. | Fundraising Coffee Morning with BTEI in aid of Breast Cancer Awareness.

[lang_ie]Bhí an-áthas ar na baill den Chúrsa Seirbhísí Phobail / Sláinte faoin Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas tacaíocht a thabhairt don chúis fhiúntach seo agus bhain gach uile dhuine an-taitneamh as a bheith páirteach ann. Bhácáil na mic léinn cácaí álainn agus borróga de gach cineál agus bhí na táblaí agus gach áit mhaisithe le héadaí boird agus balúin bándearg a bhí curtha ar fáil ag an Siopa Leabhair i mBéal Átha Seanaidh. Bhí a lán míreanna ar díol ar an mhaidin chaife – mar a bhí fáinní d’eochracha, bioráin agus suaitheantais agus rud ar bith a bhí fágtha ar an mhaidin seo, díoladh an chuid eile ag Ollmhargadh Mhuintir Keys ar An Lathaigh.
Chomh maith leis an fheasacht féin agus cistí don charthanacht a thógáil, deir na mic léinn go raibh an mhaidin mar dhóigh dheas leis an bhfoireann, teagascóirí agus na mic léinn óna cúrsaí go hiomlán a thabhairt lena chéile.
Bhí lá iontach acu agus buíochas mór ar fad do gach duine a thug tacaíocht. Tógadh breis is €520 ag an Mhaidin Chaife.[/lang_ie]

[lang_en-uk]The members of the Back To Education Initiative Community/Health Services course were delighted to give their support to this very worthy cause and enjoyed being able to participate. The students baked lovely cakes and buns and decorated the tables with pink table cloths & balloons that were kindly blown up by the book shop in Ballyshannon. There were items for sale such as key rings, pins and badges and any that were left over were kindly sold at Kee’s Supermarket in Laghey.
As well as raising awareness and funds for the charity the students found it a lovely way of bringing the staff, tutors and students from other programmes together.
A great day was had by all, many thanks to everyone who supported the coffee morning. A total of €520 was raised at the Coffee Morning.[/lang_en-uk]

Fundraising Coffee Morning in ArdScoil na gCeithre Máistir.