An Chéad áit in Éirinn do scoláire as Toraigh

Tá éacht déanta ag Lauren Ní Bhaoill, atá sa bhliain dheireanach sa Choláiste; bhain sí an chéad áit i gComórtas Juvenes Translatores, de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Ghlac scoil déag in Éirinn páirt sa chomórtas ina raibh ar scoláirí, atá seacht mbliana déag d’aois, píosa scríbhneoireachta a aistriú ó cheann amháin go dtí ceann eile da na teangacha éagsúla atá in úsáid san Eoraip. Roghnaigh Lauren an píosa, fá dhuine a rinne obair dheonach i Sierra Leone, a aistriú ó Bhéarla isteach go Gaeilge, agus mar thoradh ar a hiarracht tá turas go dtí an Bhruiséil bainte aici dithe féin agus do thuismitheoir dá cuid. Bronnfar gradam ar na buaiteoirí Eorpacha uilig, 28 ar fad, ag searmannas thall sa Bhruséil i Mí Aibreáin. Agus tháinig scoláire as an Choláiste, Karen Ní Dhuibhir sa dara háit sa chomórtas. Tréaslaímid leo beirt agus táimid iontach bródúil astu.

Is léir go bhfuil bua na aistriúcháin ag mhuintir Thoraí nó ocht mbliana ó shin bhain scoláire eile ón Choláiste an comórtas céanna. Maith sibh féin!

Karen Ní Dhuibhir
Karen Ní Dhuibhir
Lauren Ní Bhaoill
Lauren Ní Bhaoill