An Bhfaca Tú An Nuacht ar Maidin (A Gairmscoil Chú Uladh Transition Year Project)?

Seo tionscnamh atá idir lámh ag an Idirbhliain. Craoltar é gach maidin Dé hAoine i nGairmscoil Chú Uladh; ach téann sé amach fósta tráthnóna Dé Luain ar shuíomh Facebook agus Twitter an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (ETB). Is tionscnamh é a d’fhorbhair an múinteoir Eoghan Ó Dochartaigh i nGairmscoil Chú Uladh.

Is é príomhchuspóir na nuachta ná pobal na scoile a chur ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh ar siúl sa scoil sa chéad choicís eile, ar bhealach beomhar agus suimiúil. Ach is é príomhaidhm an fheachtais seo ná an Ghaeilge sa scoil a chothú agus a neartú. Is é ceartlár an fheachtais ná rannphairtíocht. Tá sé iontach tábhachtach dúinn go nglacann gach dalta páirt – is cuma cé chomh líofa is atá siad sa Ghaeilge. Chomh maith leis na daltaí a chur ar an eolas, tá cuid mhór clú agus cáil faighte ag an tionscnamh ar na meáin ó thosaigh sé amach i mí Meán Fómhair!

Glacann triúr dalta san Idirbhliain freagracht as an Nuacht a chur amach gach seachtain. Déanann beirt acu cur I láthair ar rudaí a tharla an tseachtain sin – agus fógraíonn siad cad a bhéas ag tarlú sa choicís amach romhainn. Déanann an dalta eile Réamhaisnéis na hAimsire a léamh. Tá dalta eile í gceannas ar innealtóireacht taifeadta idir an físean agus fuaim na nuachta agus déantar malairt gach seachtain. Nuair atá an taifead críochnaithe, déanann an tUasal Ó Dochartaigh an eagarthóireacht air, cuireann sé iad le chéile agus cruthaíonn sé an físeán craolta.

Cuirtear an pobal uile-scoile ar an eolas maidir le himeachtaí spóirt, carthanachta agus curaclaim a bheas ar siúl.  Úsáidtear é mar ardán le haitheantas a thabhairt do na daltaí, cibé cineál ghníomhaíochta atá i gceist.

Dúirt an tUasal Ó Dochartaigh, de réir mar a spreagtar múinteoirí chun TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, is cosúil gurb é an chéad chéim loighciúil eile chun pobal na scoile uilig a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí atá ar siúl sa scoil. Is mór an cuidiú an greann, agus iad a thabhairt faoin phróiseas leanúnach seo. Tá na scoláirí ag forbairt scileanna i gcleachtadh cruinnis, smachta, cumarsáide agus cur i láthair. Bhí na daltaí imníoch faoi páirt a ghlacadh sa tionscnamh ar dtús ach I ndiadh é a dhéanamh dúirt said gur bhain siad taitneamh as.

Dúirt dalta Milaoise Armstrong, “Bhí sé iontach maith mar thug sé eolas do muntir na scoile faoi na rudaí atá ag tarlú sa scoil gach seachtain. Is aoibhinn liom a bheith á dhéanamh le mó chara. D’fhoghlaim muid scileanna nua ag déanamh é agus tugann sé muinín do na daltaí.” Dúirt dalta Lisa Ní Gallachóir, “Nuair a chuala mé faoin tionscnamh seo, shíl mé gur smaoineamh an-mhaith é. Ach nuair a fuair mé amach go mbeidh orm tús a chur leis an tionsnamh bhí amhras orm faoi ar dtús! Ag amharc ar ais air anois tá mé an-sásta go ndearna mé é. Tháinig freagra maith ó pobal ná scoile agus mothaim go dtugann an tionscnamh níos mó muinín do dhaltaí.”

Téigh chuig suíomh @DonegalETB ar Facebook gach oíche Dé Luain ag 7.00in le nuacht Gairmscoil Chú Uladh a fheiceáil agus a chloisteáil!