Cúrsa Rochtain ar Rochtain (RaR) | Access to Access Course (A2A)

[lang_ie]Anseo tá nasc le haghaidh tuilleadh eolais ar bhonnchúrsa nua atá le bheith ar fáil ón Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas (TFO) le Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (ITLC). Is é an spriocdháta nó : Dé hAoine 9 Samhain 2012 Tuilleadh Eolais ó : Patricia Britton, Comhordaitheoir […]

An Bhua ag Cumasóige Gort a’Choirce ag Masterchef 2012.| Gortahork Win Youthreach Masterchef Final 2012.

[lang_ie]Ar an Mháirt seo caite, 23 Deireadh Fómhair bhí na sé Ionad Cumasóige ( Béal Átha Seanaidh, Bun Cranncha, Gleann Gad, Gort a’Choirce, Leitir Ceanainn agus Leifear) i láthair don phríomhbhabhta deiridh do Masterchef 2012. Bhí beirt do na mic léinn ar gach foireann ó na hIonaid agus iomaíocht ann dóibh le phríomhchúrsa agus milseog […]

Thug scoláirí ón Ghearmáin cuairt ar Gairmscoil Mhic Dhiarmada mar pháirt den chlár mhalartú scoile. | Students from Germany visit Gairmscoil Mhic Diarmada as part of a school exchange programme.

[lang_ie]Thug cúig scoláire dhéag ón Ghearmáin cuairt ar Gairmscoil Mhic Dhiarmada ar na mallaibh mar pháirt den chlár mhalartú scoile atá beartaithe idir an dá scoil idir an 15ú agus 19ú mí Dheireadh Fómhair 2012. Tháinig siad chun an oileáin agus beirt mhúinteoir dá gcuid in éineacht leo ó mheánscoil lonnaithe cóngarach do Hanover (Winipeg) […]

Tallann ó Scoileanna an Contae sa Bhabhta Ceannais Dé Domhnaigh seo.| All Ireland School’s Talent Search – Donegal /Ulster West Final this Sunday.

[lang_ie]Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis na daltaí uile atá ag glacadh páirt sa Bhabhta Ceannais don Chomórtas Cuardach Náisiúnta do Thallann i Scoileanna Dara Leibhéal. Tá 22 rannpháirtithe ina iomláine fágtha sa bhabhta seo – Babhta Ceannais Dún na nGall / Uladh Thiar atá le tarlú in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn […]

An Phrionsa Shona Beo i nGaillimh ag Féile Ealaíne Baboró do Leanaí.| The Happy Prince Live in Galway at the Baboró International Arts Festival for Children.

[lang_ie]Tá an-áthas ar Chomhpháirtíocht Cheoil Dhún na nGall go bhfuarthas cuireadh chun an Phrionsa Shona a chuir i láthair ag Féile Ealaíne Baboró do Leanaí i nGaillimh ar an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá an tseinm cheoil ( a bhfuil na ticéid “iomlán díolta”) ar siúl san Amharclann i Halla an Bhaile i gCathair na […]

Trad do Thrócaire i dToraigh. | Trad for Trócaire in Tory.

[lang_ie]Beidh oíche cheoil, damhsa, amhránaíochta agus craic i gClub Sóisialta Thoraí, oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair chun airgead a bhailiú don eagraíocht charthanachta, Trócaire. Tá an ócáid á eagrú ag Séiplíneach an Choláiste, an tAthair Kieran Creagh agus beidh na scoláirí ó Choláiste Pobail Cholmcille anseo páirteach sna himeachtaí. Duine ar bith amuigh ar an […]

Gig ag Dún Uí Choileáin leis na Mic Léinn ó Choláiste Pobail Bun an Phobail.| Collins Barracks Gig for Moville Community College students.

[lang_ie]Tá Coláiste Pobail Bun an Phobail pháirtigh san Ag Gabháil do na hEalaíona le roinnt bliana anuas. Anuraidh bhí tionscadal acu leis na hamhráin go léir ó cheoltóirí / amhránaithe agus scríbhneoirí na scoile a thaifeadadh go gairmiúil agus a chraoladh ar Raidió Pobail Inis Eoghain. D’obair Seamus Devenney (atá ina Cheoltóir Proifisiúnta) ar feadh […]

Ócáid Scoir do Iar-Fhoireann CGDnG. | Retirement Function for former VEC Staff.

[lang_ie]Ag an Ócáid Scoir a bhí ar siúl in Óstán Theach Castlegrove rinneadh admháil as an tseirbhís atá tugtha do Choiste Gairmoideachais sa Chontae seo ón ochtar dhuine is fiche (28) atá imithe ar scor ón gCoiste ó bhí 2010. Bhí sé cloigne déag (16) acu i láthair agus rinneadh lampa criostail a bhronnadh orthu […]

Duais eile do Lauren sa scríbhneoireacht. | Another Prize for Lauren’s Writing.

Lauren an Scríbhneoir. [lang_ie]Don dara bliain as a chéile, tá duais buaite ag Lauren Ní Bhaoill (ó Choláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraigh.) as a cuid scríbhneoireacht. An babhta seo, bhain sí an chéad duais i gComórtas Litríochta an Oireachtais don scéal is fearr sa rannóg faoi 16. Scéal taibhsiúil darbh ainm, Coimeádaí Uimhir a hOcht, […]

Ealaíontóir Eile i dToraigh. | Another Artist in Tory.

[lang_ie]Fuair ealaíontóir eile de chuid Oileán Thoraí aitheantas i mbliana nuair a bhain Éamonn Straitheann onóir amach i scrúdú Ealaíne an Teastais Shóisearaigh. Cé go bhfuil Éamonn maith ag gnéithe iomlán na healaíona is sa phéinteáil is mó a bhfuil dúil aige agus tá bailiúchán iontach de phictiúr curtha i dtoll a chéile aige leis […]