Sealaíocht don Bheatha Dhún na nGall. | Relay for Life Donegal.

[lang_ie]Bhí Sealaíocht don Bheatha ar siúl ag an deireadh seachtaine (26 & 27 Bealtaine) anseo i Leitir Ceanainn agus bhí an aimsir go hálainn. Is ócáid thar a bheith rathúil do Chumann Ailse na hÉireann mar go bhfuil go dtí seo thar €286,000 bailithe óna n-iarrachtaí tiomsaithe airgid óna daoine an-fhlaithiúil sa chontae seo, Contae […]

Oscailt oifigiúil na bhfoirgneamh úr ag Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhóir. | Official opening of the New Buildings at Gairmscoil Mhic Diarmada, Arranmore Island.

[lang_ie]Bhí oscailt oifigiúil na bhfoirgneamh úr ag Gairmscoil Mhic Diarmada ar siúl sa scoil ar an Mháirt 23ú Bealtaine 2012. Bhí freastal maith ann don ócáid speisialta seo ar an lá idir mhúinteoirí, dhaltaí, thuismitheoirí, baill don Choiste Gairmoideachais Co Dhún na nGall, Baill den Bhord Bainistíochta scoile agus ionadaithe  éagsúla thart fan oileán chomh […]

Phríomhócáid ‘Sealaíocht don Bheatha’ féin ann an deireadh seachtaine seo.| ‘Relay for Life’ actually happens this weekend.

[lang_ie]Tá an ócáid mhór ‘Sealaíocht don Bheatha’ féin ar siúl an deireadh seachtaine seo (idir 3.00 i.n. Dé Sathairn 26ú – 6.00 i.n. Dé Domhnaigh 27ú ). Tá liosta iontach leagtha amach le Ceiliúradh a dhéanamh leis na daoine atá ag teacht slán ó ailse, le Cuimhne a dhéanamh orthu siúd atá imithe uainn siocair […]

Oscailt Oifigiúil Coláiste Ghleann na Finne. | Official Opening of Finn Valley College.

[lang_ie]Rinne an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., an foirgneamh nua Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir a oscailt go hoifigiúil ar an Aoine a chuaigh thart, 18 Bealtaine. Rinneadh athchóiriú iontach anseo le infheistíocht de €5 milliún ina iomláine. Tá 264 mac léinn ann faoi láthair agus tig leis an infheistíocht seo […]

Tacaíocht ó “Bright Beginnings” (Naíonra Cúram & Oideachais) do Sealaíocht don Bheatha. | “Bright Beginnings” (Care & Education Pre-School) support Relay for Life.

[lang_ie]Rinne na páistí beaga óga, a gcuid tuismitheoirí agus foireann “Bright Beginnings”  siúlóid nó “toddle” fhad leis an leabharlann i mBaile na nGallóglach le gairid le haghaidh urraíocht do Shealaíocht don Bheatha, Dhún na nGall agus Siondróm Down Dhún na nGall. Bhí an aimsir go deas agus bhain na páistí agus gach uile dhuine an […]

Cúrsa FETAC i bhForbairt Pobail.| QQI Course in Community Development.

[lang_ie]Tá sé ar intinn ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall i gcomhair leis an bhFóram Oideachas Pobail príomh dhámhachtain FETAC Leibhéal 6 i bhForbairt Pobail a chur ar siúl ag tosú ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Beidh an cúrsa ar bhun pháirt aimsire ar fáil i Leitir Ceanainn agus oiriúnach dóibh siúd atá […]

An Phrionsa Shona Beo ar RTEjr. | The Happy Prince Live on RTEjr.

[lang_ie]D’fhógair Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Chontae Dhún na nGall choimisiún i 2011 le hathchóiriú ar an scéal ó Oscar Wilde – An Prionsa Sona – ionas go mbeadh an úsáid is fearr cruthaitheach le ceol, seanchas, léiriú ón taobh seo tíre – ó Dhún na nGall. D’obair Little John Nee (an scríbhneoir, aisteoir, scéalaí agus ceoltóir clúiteach) […]

Maidin Chaife / Spraoi Rothaíocht agus Siúlóid do Shealaíocht don Bheatha.| Coffee Morning / Fun Walk and Cycle Event for Relay for Life.

[lang_ie]Seachtain inniu (4 Bealtaine) bhí a lán daoine cruinnithe ag an sean-tech (Ionad Oideachais Aosaigh & Oiliúna i mBaile Dhún na nGall) le páirt a ghlacadh san ócáid spraíúil seo le tacaíocht do Shealaíocht don Bheatha, Dhún na nGall. Bhí Martina, Geraldine agus Patricia gnóthach sa chistin ag fáil réidh bia blasta agus tae agus […]

Roinnt nuacht ó Ghairmscoil na Mainistreach.| News Items from Abbey Vocational School.

[lang_ie]1. (Comórtas F1 do Scoileanna) – Ghlac foireann de chúigear gasúr ón tIdirbhliain (Foireann Velocity) páirt sa chluiche ceannais don Comórtas F1 do Scoileanna  i gColáiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath le déanaí agus cé nach raibh gradam leo na bhaile ar an lá, is cinnte go bhfuair siad neart taithí agus baineadh an sult […]

Toraigh chun Tosaigh arís. | Tory Tops again.

[lang_ie]Bhí lúcháir ar scoláirí Choláiste Phobail Cholmcille fáil amach gur bhain siad an chéad áit i gcomórtas a d’eagraigh Logainm.ie i gcomhair le Fiontair do scoileanna dara leibhéal na tíre. Bhí ar scoláirí tionscnamh a dhéanamh ar logainmneacha a gceantar. Chuir scoláirí Thoraí bunachar sonraí le chéile le níos mó ná 150 ainm agus thug […]