[lang_ie]Don dara bhliain as a chéile, bhuaigh scoláirí as Coláiste Phobail Cholmcille an dá dhuais mhóra i gComórtas Liteartha do na Scoileanna Gaeltachta. Bhuaigh Ciara Ní Dhúgáin an duais don iarracht is fearr go náisiúnta lena scéal ‘Caomhnóirí an Fhéinics’ agus bhuaigh a deirfiúr Niamh an chéad áit, agus Duais Eibhlín Ní Chnaimhsí , don […]
Tag Archives: CP Cholmcille
[lang_ie]Reáchtáladh Feis Thoraí na bliana seo Dé Sathairn, 18ú Bealtaine san Ionad Pobail. Bhí slua mór i láthair arís agus neart rannpháirtithe idir shean agus óg. Bá é an Dr. Lillis Ó Laoire, saineolaí ar amhránaíocht ar an tsean-nós agus amhránaí den chéad scoth a bhí mar fhear ‘a tí don ócáid. Doiminic Mac Giolla […]
[lang_ie]Tá duais scríbhneoireachta bainte amach arís ag scoláire de chuid Choláiste Phobail Cholmcille. An babhta seo, is é Tomás Vance Flanagan Coll a rinne an beart. Bhain Tomás an chéad áit amach i gComórtas Filíochta de chuid Sheachtain na Gaeilge sa roinn faoi cheathair déag bliain d’aois. “An t-Iascaire” an t-ainm atá ar an dán […]
[lang_ie]Bhain Niamh Ní Dhubhgáin (atá san Idirbhliain i gColáiste Phobail Cholmcille i dToraigh) an dara háit amach do scoileanna Gaeltachta i gComórtas Raídió de chuid Gael Linn. Scéal taibhsiúil a bhí sa chlár, ‘Sráid na mBan’, a rinne Niamh ina dtagann taibhse girsí óig a d’imigh ar lár ar ais arís. D’éirigh le Niamh atmaisféar […]
[lang_ie]Tá Niamh Ní Dhúgáin, atá san idirbhliain, ag glacadh páirt san am atá i láthair i Scéim na Blagála. Seo scéim atá forbartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le cúpla bliain anuas, le ceangal a dhéanamh idir léitheoireacht as Gaeilge, agus plé as Gaeilge agus gnách nós an duine óig: is é sin ag baint úsáide […]
[lang_ie]Beidh oíche cheoil, damhsa, amhránaíochta agus craic i gClub Sóisialta Thoraí, oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair chun airgead a bhailiú don eagraíocht charthanachta, Trócaire. Tá an ócáid á eagrú ag Séiplíneach an Choláiste, an tAthair Kieran Creagh agus beidh na scoláirí ó Choláiste Pobail Cholmcille anseo páirteach sna himeachtaí. Duine ar bith amuigh ar an […]
Lauren an Scríbhneoir. [lang_ie]Don dara bliain as a chéile, tá duais buaite ag Lauren Ní Bhaoill (ó Choláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraigh.) as a cuid scríbhneoireacht. An babhta seo, bhain sí an chéad duais i gComórtas Litríochta an Oireachtais don scéal is fearr sa rannóg faoi 16. Scéal taibhsiúil darbh ainm, Coimeádaí Uimhir a hOcht, […]
[lang_ie]Fuair ealaíontóir eile de chuid Oileán Thoraí aitheantas i mbliana nuair a bhain Éamonn Straitheann onóir amach i scrúdú Ealaíne an Teastais Shóisearaigh. Cé go bhfuil Éamonn maith ag gnéithe iomlán na healaíona is sa phéinteáil is mó a bhfuil dúil aige agus tá bailiúchán iontach de phictiúr curtha i dtoll a chéile aige leis […]
[lang_ie]Bhí an comórtas bliantúil don 39ú am ag Cumann Seanchais Dhún na nGall ar siúl i mbliana arís idir scoileanna bunscoile agus dara leibhéal sa chontae agus bronnadh na nduaiseanna ag ócáid in Óstán Jackson’s i mBealach Féich ar na mallaibh. Mar is gnáth bhí ócáid dheas dhathúil ann agus tionscadail, taighde agus cuir i […]
[lang_ie]Bhí lúcháir ar scoláirí Choláiste Phobail Cholmcille fáil amach gur bhain siad an chéad áit i gcomórtas a d’eagraigh Logainm.ie i gcomhair le Fiontair do scoileanna dara leibhéal na tíre. Bhí ar scoláirí tionscnamh a dhéanamh ar logainmneacha a gceantar. Chuir scoláirí Thoraí bunachar sonraí le chéile le níos mó ná 150 ainm agus thug […]
- 1
- 2