Tionscnamh Comhoibrithe Múinteoirí ETB Dhún na nGall ag Tacú le Cianteagasc le linn Shrianadh COVID-19 arna chuidiú ag Ciste Sármhaitheasa Scoileanna Digiteacha DES

Tá roinnt múinteoirí i scoileanna ar fud Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag obair ar thionscnamh nuálach teagaisc agus foghlama dar teideal ‘Comhoibriú Múinteoirí – Pleanáil Curaclaim na Sraithe Sóisearaí, Cruthú Ábhair agus Comhroinnt Acmhainní’.

Tá an tionscnamh á fhorbairt le cúig bliana anuas agus tá físeán gairid curtha le chéile a léiríonn an obair atá déanta go dtí seo.

Tá an tionscnamh seo mar pháirt de Chiste Sármhaitheasa Scoileanna Digiteacha na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES) a dhíríonn aird ar na deiseanna a thagann chun cinn nuair a chomhoibríonn múinteoirí le chéile.

Is é an rud atá i gceist ná grúpaí oibre múinteoirí ó dheich de na cúig iar-bhunscoil déag de chuid ETB Dhún na nGall, a thagann le chéile le comhoibriú ar ábhar teagaisc cruthaitheach agus dalta-lárnach agus táthar ag cur leis anois le baill foirne teagaisc agus oiliúna ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna an ETB a chur san áireamh.

Cuireadh fáilte mhór roimh an fhorbairt is deireanaí seo agus tá sé ag cur go mór le saineolas na heagraíochta. Tá an tionscadal ag baint leasa as an tacaíocht agus as an ardinfreastruchtúr TFC atá ar fáil laistigh d’ETB Dhún na nGall mar atá: G Suite for Education a úsáideann Google Classroom, Sites, Docs agus Drive.

De thairbhe gur druideadh scoileanna agus ionaid FET le gairid mar gheall ar bhearta srianta COVID-19, tá níos mó béime ar chuir chuige nuálacha ar líne lena chinntiú go leanfaidh teagasc agus foghlaim ar aghaidh ar fud an chontae. Tá an tionscadal ag cinntiú go bhfuil roinnt mhaith múinteoirí de chuid ETB Dhún na nGall ábalta a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le teagmháil a dhéanamh le daltaí ag an am deacair seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil scoileanna ETB Dhún na nGall chun tosaigh sa chontae maidir le teagasc nuálach a chur ar fáil do dhaltaí ETB ina chúig iar-bhunscoil déag. Tá an tionscadal ceannródaíoch seo ag tarlú mar gheall gur tugadh isteach leasuithe oideachais le gairid mar atá Creat don tSraith Shóisearach (2015) agus foilsiú an chreata cáilíochta d’iar-bhunscoileanna – ‘Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016’.

Laistigh d’ETB Dhún na nGall aithníodh go bhféadfadh comhtháthú na teicneolaíochta, mar aon le cleachtais oiliúna nua-aimseartha cur go mór leis an teagasc agus an fhoghlaim ina chuid seomraí ranga agus ina dhiaidh sin feabhas a chur ar thorthaí foghlama do dhaltaí sa seomra ranga. Chruthaigh sé an poitéinseal le deiseanna foghlama a chur ar fáil do dhaltaí trasna an churaclaim agus ar bhonn níos leithne fiú.

De réir mar a tugadh na sonraíochtaí ábhar isteach sa tSraith Shóisearach úr, socraíodh grúpa múinteoirí leasmhara, ó sheacht scoil ETB i dtús báire, i bhfoirne ábhair le sraith aonad foghlama daltaí a chruthú laistigh d’ardán le haghaidh cruthú ábhair oideachais. Forbraíodh na haonaid foghlama daltaí seo agus cuireadh ar fáil sa seomra ranga iad, áit ar bailíodh aiseolas na ndaltaí, ag cinntiú go raibh glór s’acu lárnach don phróiseas maidir le bonn eolais a chur faoi dhea-chleachtas amach anseo.

Léiríonn na haonaid úra a cruthaíodh ar an ardán G Suite for Education comhtháthú Google Sites mar an t-ardán oiliúna agus Google Classroom mar an t-ardán measúnaithe. Ina theannta sin, ligeann Google Classroom do thuismitheoirí/chaomhnóirí maoirseacht a dhéanamh ar sprioc-amanna measúnuithe agus spreagann sé comhrá maidir le cuntasacht. Chomh maith leis sin, is é an príomhthiománaí measúnaithe é do na haonaid oibre úra seo.

Tá na hacmhainní seo ar fáil ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall tríd an inlíon foirne agus áiríonn samplaí de na haonaid seo:

  • Gaeilge (Aonad Foghlama; Folláine) arna fhorbairt ag Ciaran Mc Elwaine, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  • Eolaíocht (Aonad Foghlama; An Domhan agus Eolaíocht) arna fhorbairt ag Evin Devenney, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  • Béarla (Aonad Foghlama; To Kill a Mocking Bird) arna fhorbairt ag David Mc Hale, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn

Is é Seán McFadden, Leas-Phríomhoide Gníomhach ag Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach, atá ag comhordú an tionscnaimh seo agus dúirt sé, “Tá ár bhfócas soiléir ar fhoghlaim daltaí; is é fís an ghrúpa ‘sármhaitheas maidir le cultúr comhoibrithe múinteoirí a fhorbairt laistigh d’ETB Dhún na nGall le cur le Teagasc agus Foghlaim inár seomraí ranga.’    Tá an dalta ag croílár gach comhrá a bhíonn againn lena chinntiú go gcuireann muid eispéireas spreagúil foghlama ar fáil le cur le torthaí foghlama ár ndaltaí uilig.”

Dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthoir Scoileanna ETB Dhún na nGall, “Tá mé muiníneach mar gheall ar obair an tionscadail seo, go bhfuil ETB Dhún na nGall breá ábalta aghaidh a thabhairt ar an dúshlán maidir le leanúnachas teagaisc agus foghlama a choinneáil sa tréimhse reatha de dhruidim scoileanna, rud atá amhlaidh mar gheall ar bhearta a rinneadh le dul i ngleic le paindéim Covid-19.”

“Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a bheith ábalta an teagasc nuálach agus cruthaitheach atá ag tarlú inár gcuid scoileanna a chur os comhair an phobail. Cé gur dhírigh an tionscadal ar Eolaíocht agus ar Bhéarla i dtús báire, táthar ag cur leis de réir mar a fhoilsítear sonraíochtaí breise ábhar mar pháirt den tSraith Shóisearach úr. Treoraíonn riachtanais an dalta an fhoireann ar a gconair lena gcomhráite agus lena gcleachtais ghairmiúla.”

Táthar ag súil go mbeidh an obair atá déanta go dtí seo agus an físeán a mhíníonn an obair ábalta aird a dhíriú ar chomhoibriú múinteoirí maidir le cruthú ábhair agus go spreagfaidh sé níos mó dár gcuid múinteoirí teacht ar bord, mar aon le múinteoirí ar fud na tíre.

Is féidir le foireann teagaisc agus oiliúna iar-bhunscoile nó FET ETB Dhún na nGall, ar spéis leo páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo nó ar mian leo níos mó eolais a fháil faoi, cliceáil anseo.

Daltaí Choláiste na Maoile Rua ag úsáid cuid de na hábhair theagaisc nuálacha arna bhforbairt ag múinteoirí ETB Dhún na nGall.
Daltaí Choláiste Cranncha ag obair le chéile.
Daltaí Ghairmscoil na Mainistreach ag obair i bhfoirne.