Mic Léinn de chuid FET ETB Dhún na nGall Páirteach i WorldSkills Ireland 2022

Bhí roinnt mac léinn agus printíseach de chuid Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) ETB Dhún na nGall páirteach san ócáid WorldSkills Ireland 2022 a reáchtáladh san RDS ón 13-15 Meán Fómhair.

Four people standing together.
Teagascóir Gruagaireachta ETB Dhún na nGall, Katherine Gilmore, iomaitheoir gruagaireachta Orlagh McGuinness, iomaitheoir táthúcháin Lee Davison agus teagascóir sinsearach Táthúcháin agus Saineolaí Táthúcháin WorldSkills Ireland, Cathal McGee.

Chuaigh Lee Davison, mac léinn reatha de chuid ETB Dhún na nGall (táthúchán píobáin chódaithe), san iomaíocht sa chomórtas táthúcháin. I ndiaidh dó bunchúrsa táthúcháin a dhéanamh i nGaoth Dobhair agus meánchúrsa táthúcháin a dhéanamh i Leitir Ceanainn, rinne teagascóir sinsearach táthúcháin ETB Dhún na nGall agus Saineolaí Táthúcháin WorldSkills Ireland, Cathal McGee, Lee a ainmniú. Chuir Cathal oiliúint bhreise ar Lee agus é ag ullmhú don chomórtas. D’fhreastail Lee ar iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall; chuaigh sé go Coláiste Cranncha i mBun Cranncha.

Chuaigh Orlagh McGuinness san iomaíocht sa chomórtas gruagaireachta i ndiaidh di a cúrsa oiliúna a chríochnú i mí na Bealtaine 2021; cuireadh roinnt mhaith dá cuid oiliúna uirthi go cianda de bharr na paindéime. Oibríonn sí go lánaimseartha i Salón Gruaige Catriona sna Gleanntaí anois (rinne a fostóir an chéad chúrsa gruagaireachta a reáchtáil ETB Dhún na nGall). D’ainmnigh an teagascóir gruagaireachta, Katherine Gilmour, Orlagh agus ó mhí an Mhárta chuir Katherine oiliúint bhreise ar Orla agus í ag ullmhú don chomórtas, gach Luan ar a lá saor. Is iarmhac léinn de chuid Scoil Chuimsitheach Cholmcille sna Gleanntaí í Orlagh.

Two people shaking hands.
Duine de na daoine a ainmníodh mar Phrintíseach na Bliana, James Fox, leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Simon Harris T.D. ag WorldSkills 2022.
Person plumbing.
Buaiteoir chomórtas Pluiméireachta WorldSkills Ireland, Jamie Birmingham.

Bhí an printíseach cearpantóireachta, James Fox, ó Chontae na Mí ar cheann den 187 printíseach a ainmníodh mar Phrintíseach na Bliana a labhair ar stáitse na Laochra ag an ócáid. Chríochnaigh James céim a dó dá phrintíseacht le ETB Dhún na nGall i mí an Mheithimh agus rinne teagascóir cearpantóireachta ETB Dhún na nGall, Anthony O’Donnell, James a ainmniú.

Comhghairdeachas leis an phrintíseach, Jamie Birmingham, atá sa cheathrú bliain dá chúrsa as comórtas Pluiméireachta WorldSkills Ireland 2022 a bhaint; chríochnaigh Jamie céim a dó dá chuid oiliúna in Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair roimhe sin leis an teagascóir John Sweeney.