[lang_ie]Tá an-áthas ar Chomhpháirtíocht Cheoil Dhún na nGall go bhfuarthas cuireadh chun an Phrionsa Shona a chuir i láthair ag Féile Ealaíne Baboró do Leanaí i nGaillimh ar an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá an tseinm cheoil ( a bhfuil na ticéid “iomlán díolta”) ar siúl san Amharclann i Halla an Bhaile i gCathair na […]
Category Archives: Latest News
[lang_ie]Ag an Ócáid Scoir a bhí ar siúl in Óstán Theach Castlegrove rinneadh admháil as an tseirbhís atá tugtha do Choiste Gairmoideachais sa Chontae seo ón ochtar dhuine is fiche (28) atá imithe ar scor ón gCoiste ó bhí 2010. Bhí sé cloigne déag (16) acu i láthair agus rinneadh lampa criostail a bhronnadh orthu […]
[lang_ie]Cuireann Coiste Gairmoideachais Contae Dhún na nGall fáilte mhór roimh Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Nua, an tUasal Seán Puirséil. Tá Seán ainmnithe ar an Bhord Oideachais & Oiliúna Nua do Chontae Dhún na nGall agus idir an dá linn tá sé i mbun dualgais mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) ar Choiste Gairmoideachais Contae Dhún na nGall le héifeacht ó […]
[lang_ie]Ba chóir bhur n-aird a dhíriú fhad leis an liosta Folúntais atá anois fógartha ar an suíomh seo. Tá siad seo a leanas ann – (1) Painéal Múinteoirí Ionaid 2012/13. (2) Painéal Cúntóir Riachtanais Speisialta 2012/13. (3) Post mar Chomhordaitheoir Tionscadail (Clár Síochána 111) agus (4) Poist Mhúinteoireachta ag Scoil Chuimsitheach Cholmcille, Na Gleanntaí. Tig […]
[lang_ie]Bhí oscailt oifigiúil na bhfoirgneamh úr ag Gairmscoil Mhic Diarmada ar siúl sa scoil ar an Mháirt 23ú Bealtaine 2012. Bhí freastal maith ann don ócáid speisialta seo ar an lá idir mhúinteoirí, dhaltaí, thuismitheoirí, baill don Choiste Gairmoideachais Co Dhún na nGall, Baill den Bhord Bainistíochta scoile agus ionadaithe éagsúla thart fan oileán chomh […]
[lang_ie]Rinne an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., an foirgneamh nua Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir a oscailt go hoifigiúil ar an Aoine a chuaigh thart, 18 Bealtaine. Rinneadh athchóiriú iontach anseo le infheistíocht de €5 milliún ina iomláine. Tá 264 mac léinn ann faoi láthair agus tig leis an infheistíocht seo […]
[lang_ie]Tá sé ar intinn ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall i gcomhair leis an bhFóram Oideachas Pobail príomh dhámhachtain FETAC Leibhéal 6 i bhForbairt Pobail a chur ar siúl ag tosú ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Beidh an cúrsa ar bhun pháirt aimsire ar fáil i Leitir Ceanainn agus oiriúnach dóibh siúd atá […]
[lang_ie]1. (Comórtas F1 do Scoileanna) – Ghlac foireann de chúigear gasúr ón tIdirbhliain (Foireann Velocity) páirt sa chluiche ceannais don Comórtas F1 do Scoileanna i gColáiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath le déanaí agus cé nach raibh gradam leo na bhaile ar an lá, is cinnte go bhfuair siad neart taithí agus baineadh an sult […]
[lang_ie]Bhí iar-scólaire, Brendan Boyce ar cuairt ar an tseachtain seo caite ar ais go Coláiste na Maoile Ruaidhe – áit ar thug sé ceardlanna éagsúla do na mic léinn ón tríú bhliain ar na luachanna a bhaineann le siúlóid mar spórt agus aclaíocht agus ar an chaoi ar féidir le duine leas a bhaint as. […]
[lang_ie]Tá an tionscadal don óige BEO a rinneadh seoladh air i mí Eanáir a chuaigh thart ag teacht chun deiridh leis an phríomhbhabhta anseo i Leitir Ceanainn san Ionad Cultúrtha Réigiúnach ar an Aoine, 11 Bealtaine ag tosú ar a 7.00 i.n. Tá an comórtas náisiúnta seo a bhí ó thús mar fhís agus obair […]