[lang_ie]Reáchtáladh Feis Thoraí na bliana seo Dé Sathairn, 18ú Bealtaine san Ionad Pobail. Bhí slua mór i láthair arís agus neart rannpháirtithe idir shean agus óg. Bá é an Dr. Lillis Ó Laoire, saineolaí ar amhránaíocht ar an tsean-nós agus amhránaí den chéad scoth a bhí mar fhear ‘a tí don ócáid. Doiminic Mac Giolla […]
Category Archives: Coláiste Phobail Cholmcille
[lang_ie]Tá duais scríbhneoireachta bainte amach arís ag scoláire de chuid Choláiste Phobail Cholmcille. An babhta seo, is é Tomás Vance Flanagan Coll a rinne an beart. Bhain Tomás an chéad áit amach i gComórtas Filíochta de chuid Sheachtain na Gaeilge sa roinn faoi cheathair déag bliain d’aois. “An t-Iascaire” an t-ainm atá ar an dán […]
[lang_ie]Chuir scoláirí agus múinteoirí de chuid Coláiste Phobail Cholmcille fáilte roimh an Phríomhfheidhmeannach, Seán Puirséil ar na mallaibh, nuair a thug sé a chéad chuairt ar an Choláiste. Tháinig Seán agus Oifigigh Shinsearacha de chuid an Choiste, Anne Nic Aodha agus Finola Furey. Bhain siad sult as an chuairt agus thapaigh an príomhfheidhmeannach an deis […]
[lang_ie]Bhain Niamh Ní Dhubhgáin (atá san Idirbhliain i gColáiste Phobail Cholmcille i dToraigh) an dara háit amach do scoileanna Gaeltachta i gComórtas Raídió de chuid Gael Linn. Scéal taibhsiúil a bhí sa chlár, ‘Sráid na mBan’, a rinne Niamh ina dtagann taibhse girsí óig a d’imigh ar lár ar ais arís. D’éirigh le Niamh atmaisféar […]
[lang_ie]Tá Niamh Ní Dhúgáin, atá san idirbhliain, ag glacadh páirt san am atá i láthair i Scéim na Blagála. Seo scéim atá forbartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le cúpla bliain anuas, le ceangal a dhéanamh idir léitheoireacht as Gaeilge, agus plé as Gaeilge agus gnách nós an duine óig: is é sin ag baint úsáide […]
[lang_ie]Beidh oíche cheoil, damhsa, amhránaíochta agus craic i gClub Sóisialta Thoraí, oíche Aoine, 19 Deireadh Fómhair chun airgead a bhailiú don eagraíocht charthanachta, Trócaire. Tá an ócáid á eagrú ag Séiplíneach an Choláiste, an tAthair Kieran Creagh agus beidh na scoláirí ó Choláiste Pobail Cholmcille anseo páirteach sna himeachtaí. Duine ar bith amuigh ar an […]
Lauren an Scríbhneoir. [lang_ie]Don dara bliain as a chéile, tá duais buaite ag Lauren Ní Bhaoill (ó Choláiste Phobail Cholmcille, Oileán Thoraigh.) as a cuid scríbhneoireacht. An babhta seo, bhain sí an chéad duais i gComórtas Litríochta an Oireachtais don scéal is fearr sa rannóg faoi 16. Scéal taibhsiúil darbh ainm, Coimeádaí Uimhir a hOcht, […]
[lang_ie]Fuair ealaíontóir eile de chuid Oileán Thoraí aitheantas i mbliana nuair a bhain Éamonn Straitheann onóir amach i scrúdú Ealaíne an Teastais Shóisearaigh. Cé go bhfuil Éamonn maith ag gnéithe iomlán na healaíona is sa phéinteáil is mó a bhfuil dúil aige agus tá bailiúchán iontach de phictiúr curtha i dtoll a chéile aige leis […]
[lang_ie]Bhí an comórtas bliantúil don 39ú am ag Cumann Seanchais Dhún na nGall ar siúl i mbliana arís idir scoileanna bunscoile agus dara leibhéal sa chontae agus bronnadh na nduaiseanna ag ócáid in Óstán Jackson’s i mBealach Féich ar na mallaibh. Mar is gnáth bhí ócáid dheas dhathúil ann agus tionscadail, taighde agus cuir i […]
[lang_ie]Bhí lúcháir ar scoláirí Choláiste Phobail Cholmcille fáil amach gur bhain siad an chéad áit i gcomórtas a d’eagraigh Logainm.ie i gcomhair le Fiontair do scoileanna dara leibhéal na tíre. Bhí ar scoláirí tionscnamh a dhéanamh ar logainmneacha a gceantar. Chuir scoláirí Thoraí bunachar sonraí le chéile le níos mó ná 150 ainm agus thug […]