ETB Logo

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhíonannas agus Cearta an Duine

Dualgas na hEarnála Poiblí um CHOMHÍONANNAS AGUS CEARTA AN DUINE

Is oibleagáid dhlíthiúil ar chomhlachtaí poiblí é Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (an Dualgas) atá le fáil in Alt 42 d’Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Leagtar amach ann dhá Dhualgas ar leith atá nasctha le chéile:

  • Alt 42(1), an Dualgas foriomlán, ceanglas leanúnach ar chomhlachtaí poiblí, ar fud a bhfeidhmeanna uilig, chun aird a thabhairt ar an ghá atá le hidirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chosaint;
  • Alt 42(2), an Dualgas straitéiseach, ceanglas ar chomhlachtaí poiblí, mar chuid dá dtimthriall pleanála agus tuairiscithe straitéisí trí chéim a ghlacadh chun

– Measúnú a dhéanamh: measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí sainaitheanta don Dualgas mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna;

– Ag Tabhairt faoi: beartais, pleananna agus gníomhartha a fhorbairt chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo; agus

– Tuairisciú: tuairisc bhliantúil a thabhairt ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtálacha i dtaca leis na gníomhartha sin.

Is oibleagáid dhlíthiúil ar chomhlachtaí poiblí é Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine atá le fáil in Alt 42 d’Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Leagtar amach ann dhá Dhualgas ar leith atá nasctha le chéile: an Dualgas foriomlán, chun aird a thabhairt ar an ghá atá le hidirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chosaint, ar fud a bhfeidhmeanna uilig agus Dualgas straitéiseach chun trí chéim a dhéanamh chun:

– Measúnú a dhéanamh: measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais agus cearta daonna atá roimh na grúpaí sainaitheanta don Dualgas mar a bhaineann lena bhfeidhmeanna

– Ag Tabhairt faoi: beartais, pleananna agus gníomhartha a fhorbairt chun tabhairt faoi na saincheisteanna seo; agus

– Tuairisciú: tuairisc bhliantúil a thabhairt ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtálacha i dtaca leis na gníomhartha sin.

Is iad seo a leanas na grúpaí atá aitheanta don Dualgas:

– grúpaí atá clúdaithe ag na naoi bhforas chosanta faoin reachtaíocht comhionannais: inscne (lena n-áirítear daoine trasinscneacha agus daoine atá ag aistriú chuig a bhfíor-inscne); stádas sibhialta; stádas teaghlaigh (lena n-áirítear tuismitheoirí aonair agus cúramóirí); aois; míchumas; claonadh gnéis; cine (lena n-áirítear cine, dath craicinn, náisiúntacht agus bunúis eitneacha nó náisiúnta); reiligiún (creideamh ar bith nó gan chreideamh); agus ballraíocht den Lucht Siúil;

– grúpaí a chlúdaítear mar gheall ar a stádas socheacnamaíoch, atá bocht nó ar imeall an phobail nó atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear daoine ón lucht oibre, daoine atá faoi mhíbhuntáiste toisc go bhfuil cónaí orthu i gceantar tuaithe, agus iarchiontóirí; agus

– sealbhóirí cearta aonair faoi ionstraimí ábhartha um chearta an duine.

Agus an Dualgas á chur i bhfeidhm, tá na tionscnaimh seo a leanas déanta ag ETB Dhún na nGall:

Tá plean forfheidhmithe don Dualgas forbartha ag ETB Dhún na nGall (ar féidir leat a léamh anseo), a chuimsíonn:

  • Ár ráiteas luachanna comhionannais agus cearta daonna, ar atá ár n-uaillmhian don Dualgas agus cur i bhfeidhm an Dualgais in ETB Dhún na nGall bunaithe.
  • Ár measúnú ar na saincheisteanna comhionannais agus chearta an duine atá roimh na grúpaí aitheanta don Dualgas atá ábhartha dár bhfeidhmeanna éagsúla, mar a cheanglaítear faoin Dualgas agus chun cur ar ár gcumas an Dualgas foriomlán agus an Dualgas straitéiseach araon a chur i bhfeidhm.
  • Ár straitéis maidir le cur i bhfeidhm leanúnach an Dualgais, foriomlán agus straitéiseach araon, in ETB Dhún na nGall a chumasú agus a shaothrú.

Ullmhaíonn ETB Dhún na nGall plean gníomhaíochta bliantúil chun ár bplean cur i bhfeidhm don Dualgas a chur i bhfeidhm gach bliain (plean gníomhaíochta 2025).

Tugann ETB Dhún na nGall tuairisc bhliantúil ar a dhul chun cinn maidir leis an Dualgas a chur i bhfeidhm agus ar a éachtaí maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna comhionannais agus chearta an duine atá ábhartha dár bhfeidhmeanna. Is féidir leat ár dtuarascáil is déanaí a léamh anseo.

Acmhainní Úsáideacha

Treoir IHREC

Cur i bhfeidhm Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine treoir do chomhlachtaí poiblí – an dara heagrán, IHREC, 2024 (ar fáil anseo).

Oiliúint don fhoireann

Tá modúl ríomhfhoghlama forbartha ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas d’fhoireann na hearnála poiblí chun tacú le comhlachtaí poiblí Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm ar féidir rochtain a fháil air anseo. Tá trí aonad ann a thógfaidh thart ar thrí huaire an chloig le cur i gcrích.

Tá trí aonad sa mhodúl ríomhfhoghlama:

  • Aonad 1: Comhionannas sa tSeirbhís Phoiblí – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar chomhionannas agus ar na dualgais chomhionannais atá ar chomhlachtaí poiblí chomh maith le tacaíocht a thabhairt duit iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna comhionannais atá roimh an fhoireann agus roimh úsáideoirí seirbhíse.
  • Aonad 2: Cearta an Duine sa tSeirbhís Phoiblí – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar choincheapa chearta an duine agus ar dhualgais chearta an duine atá ar chomhlachtaí poiblí agus tacóidh sé le d’iniúchadh ar shaincheisteanna atá roimh an fhoireann agus roimh úsáideoirí seirbhíse.
  • Aonad 3: Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine – Tabharfaidh an t-aonad seo eolas duit ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine agus na céimeanna atá i gceist lena chur i bhfeidhm.

Blaganna

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (Niall Crowley)

Físeáin