Skip to content
Faoi ETB Dhún na nGall
CÉ MUID?
- Tacaíonn muid le hoideachas agus le riachtanais oiliúna tuairim is 25,000 dalta agus foghlaimeoir ar bhonn bliantúil i gCo. Dhún na nGall agus ar a chuid oileán.
- Bainistíonn muid 15 den 27 iar-bhunscoil agus coláiste i gContae Dhún na nGall.
- Tá muid ar an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae.
- Cuireann muid réimse iomlán de chláir gníomhaíochtaí allamuigh agus oiliúna ar fáil ag ár nIonad Oiliúna agus Oideachais Allamuigh i nGartán.
- Bainistíonn muid Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall.
Tá freagrachtaí dlíthiúla orainn maidir le hObair Ógra i nDún na nGall.
- Cuireann muid oiliúint agus oideachas ar fáil maidir le drugaí agus alcól thar ceann Thascfhórsa an Iarthuaiscirt um Drugaí agus Alcól.
#ismuidetbdhunnangall
Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó i gContae Dhún na nGall é; cuireann sé réimse leathan seirbhísí oideachais agus oiliúna ar fáil do thuairim is 25,000 dalta agus foghlaimeoir ar bhonn bliantúil. Bainistíonn muid cúig iar-bhunscoil déag ar fud an chontae agus ar a chuid oileán agus tá muid ar an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae. Cuireann muid réimse leathan rudaí ar fáil: cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha, treoir foghlama d’aosaigh, printíseachtaí, oideachas bunúsach, tacaíocht oideachais pobail, Cumasóige (daoine a fhágann an scoil go luath) agus seirbhísí d’fhostóirí. Ina theannta sin, bainistíonn muid oideachas agus oiliúint allamuigh ag ár n-ionad i nGartán agus oideachas ceoil trí Chompháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall agus tá freagrachtaí dlíthiúla orainn maidir le seirbhísí ógra. Tugann muid faoi sheirbhísí oideachais agus oiliúna a fhorbairt sa Chontae agus tá an cháil amuigh orainn go bhfreagraíonn muid go solúbtha do riachtanais agus do mhianta an phobail agus fostóirí. Is féidir ETB Dhún na nGall a leanúint fosta ar Twitter, LinkedIn, Facebook, Instagram agus YouTube.
#ismuidetbdhunnangall
Ár bhFís
‘Feabhas i seachadadh seirbhíse oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán agus foghlaimeoirlárnach.’
Ár Misean
‘Oideachas agus oiliúint inrochtana agus uileghabhálach a chur chun cinn, a chur ar fáil agus tacú leis a chumasaíonn daoine óga agus daoine fásta barr a gcumais a bhaint amach I dtimpeallacht shábháilte agus chomhbhách.’
Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, tá tú ag toiliú le fianáin a úsáid de réir ár gcuidPolasaí Fianán. Glac Leis Polasaí Príobháideachais & Fianáin