An scéal is déanaí

Scoileanna agus Nuacht maidir le Seirbhísí Ógra

Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne Fóram Sinsearach Díospóireachta Scoileanna ETB Dhún na nGall

Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin Corn Bliantúil an Fhóraim Shinsearaigh Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall [...]

Baineann Coláiste Cranncha Fóram Díospóireachta Tionscnaimh Scoileanna ETB Dhún na nGall

Bhain Coláiste Cranncha i mBun Cranncha Corn tionscnaimh Fhóram Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), agus bhain [...]

Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB Seolta ag ETBI

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB ar fud na tíre ag ócáid Dé [...]

Saotharlann Úr ETIM agus Códúcháin Seolta ag Coláiste an Eargail

Tá saotharlann nuálach Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) agus códúcháin oscailte ag Coláiste an Eargail, atá urraithe ag Optum [...]

ASPIRE Inis Eoghain Seolta

Sheol Seirbhís Óige Dhún na nGall (DYS) Tionscadal Óige úr ASPIRE Inis Eoghain Dé hAoine, 30 Meán Fómhair san Óstán [...]

Tionscnamh Comhoibrithe Múinteoirí ETB Dhún na nGall ag Tacú le Cianteagasc le linn Shrianadh COVID-19 arna chuidiú ag Ciste Sármhaitheasa Scoileanna Digiteacha DES

Tá roinnt múinteoirí i scoileanna ar fud Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag obair ar thionscnamh nuálach [...]

Réaltacht Fhíorúil in Úsáid ag Tionscnamh um Shábháilteacht ar Bhóithre le Fíor-eispéireas a Thabhairt do Mhic Léinn i dtaca le Timpistí Bóthair

Tá tionscnamh sábháilteachta le béim mhór a leagan ar na contúirtí atá ar ár mbóithre ar fáil anois le húsáid [...]

An Nuacht is Déanaí agus Imeachtaí

SCOILEANNA

Iar-Bhunscoileanna

Cuireann ETB Dhún na nGall seirbhísí oideachais lánaimseartha ar fáil i 15 iar-bhunscoil sa chontae. Féachann oideachas dara leibhéal le timpeallacht iomlánaíoch foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil a ullmhaíonn daltaí le haghaidh ardoideachais/breisoideachais nó le dul díreach isteach san ionad oibre, agus tugann sé cuid de na scileanna dóibh atá de dhíth le bheith ina saoránaigh ghníomhacha i sochaí dhaonlathach.

Iar-Bhunscoileanna

CUMASÓIGE

Daoine a fhágann an scoil go luath 

Is é Cumasóige an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna do dhaoine óga a d’fhág an scoil go luath. Tá sé mar aidhm ag an chlár na bunscileanna atá de dhíth faoi choinne tuilleadh foghlama a thabhairt do dhaoine óga agus iad a ullmhú chun dul ar aghaidh go dtí breisoideachas/oiliúint nó fostaíocht. I gContae Dhún na nGall tá an clár á bhainistiú ag ETB Dhún na nGall.

Cumasóige

SCOILEANNA

Bunscoileanna 

Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNPanna) a thugtar ar bhunscoileanna atá faoi stiúir ETBanna. Cé nach bhfuil aon SNPanna i gCo. Dhún na nGall faoi láthair, d’fhéadfadh sé sin athrú amach anseo agus tá roinnt eolais fúthu ar fáil sa bhileog seo.

Bunscoileanna

SCOILEANNA

Éiteas Scoileanna ETB Dhún na nGall

Cuireann éiteas scoileanna ETB Dhún na nGall síos ar an dóigh a maireann na comhpháirtithe inár bpobail scoile le chéile, an dóigh a n-oibríonn siad le chéile agus an dóigh a réitíonn siad lena chéile. Clúdaíonn éiteas an cultúr, na polasaithe, na cleachtais agus na caidrimh atá ann laistigh dár bpobail scoile. Cuireann an tAcht Oideachais 1998 síos ar éiteas mar “spiorad sainiúil” na scoile.

 
Éiteas
Ethos logo in Irish

IONAD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA ALLAMUIGH GHARTÁIN

Oideachas & Oiliúint Allamuigh

Tá eastát fairsing 87 acra againn ar bhruach Loch Gartáin álainn i gcroílár Dhún na nGall agus sin an áit a gcuireann OEC Ghartáin réimse leathan cúrsaí oideachais eachtraíochta agus timpeallachta ar fáil, agus tá na cúrsaí sin deartha do gach aoisghrúpa agus leibhéal cumais.

Ionad Oideachais & Oiliúna Allamuigh Ghartáin

CLÁR OIDEACHAIS CEOIL DHÚN NA NGALL (DMEP)

Oideachas Ceoil

Féachann Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall (DMEP) le teagasc uirlise/gutha a chur ar fáil i ngach seánra ceoil (Clasaiceach, Traidisiúnta, Rac-cheol/Popcheol agus Snagcheol), ag rátaí réasúnacha, do pháistí agus d’aosaigh óga. Ina theannta sin d’fhéadfadh an tseirbhís ligean do mhic léinn ar leith atá ag freastal ar na ranganna teagaisc uirlisí a fháil ar cíos óna banc uirlisí. Tugtar cuireadh do gach dalta de chuid an DMEP dul isteach in ensemble nó cór le cur lena scileanna ceoil agus sóisialta.

Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall

SEIRBHÍSÍ ÓGRA

Seirbhísí Ógra

Cuireann ETB Dhún na nGall, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, tacaíocht riaracháin/airgeadais ar fáil, cé acu go díreach nó i gcomhar lena chéile do réimse Clár don Ógra ar fud Dhún na nGall.

Sainmhíniú ar Obair Ógra

CÓRAIS DEARBHAITHE CÁILÍOCHTA

Dearbhú Cáilíochta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tiomanta do chultúr cáilíochta a fhorbairt, agus a chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama ar cháilíocht dhearbhaithe ag rannpháirtithe a ghlacann páirt i gclár breisoideachais agus oiliúna.

Dearbhú Cáilíochta