Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sínithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) le ETB Dhún na nGall chun Rochtain ar Ardoideachas a Leathnú

Four people sitting behind a desk with two banners in teh background.
Four people sitting behind a desk with two banners in teh background.
Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB); Dr Billy Bennett, Cláraitheoir agus Príomhoifigeach Acadúil, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA); Ciaran O’Brien, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET), ETB Dhún na nGall; Dr Orla Flynn, Uachtarán, OTA.

Tá comhaontuithe comhpháirtíochta sínithe go hoifigiúil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Beidh leathnú rochtana ar ardoideachas ar fud an réigiúin mar thoradh ar an chomhoibriú seo.

Cuireann na comhaontuithe comhpháirtíochta seo bealaí uasiontrála ar fáil d’fhoghlaimeoirí i mBreisoideachas agus Oiliúint (FET) ó dhámhachtainí Leibhéal 6 DCCÉ go díreach isteach i mBliain 2 de roinnt clár céime fochéime in OTA. Tá 48 clár OTA san iomlán san áireamh sa tionscnamh seo, rud a ligeann d’iarratasóirí rathúla dul isteach sa chlár gan gá le measúnú breise, ag brath ar áiteanna a bheith ar fáil agus riachtanais iontrála a bheith comhlíonta.

Ag trácht ar an fhógra, dúirt an Dr Billy Bennett, Cláraitheoir agus Príomhoifigeach Acadúil, OTA: “Ag cur leis na Meabhráin Tuisceana agus na comhaontuithe comhoibríocha atá ann cheana féin, athdhearbhaíonn an tionscnamh seo an tiomantas comhroinnte atá ag OTA agus a chomhpháirtithe ETB chun tacú le conairí difriúla isteach san ardoideachas. Comhlánaíonn sé fosta iarrachtaí leanúnacha chun céimeanna oideachais tríú leibhéal agus bealaí rochtana a fhorbairt a bhriseann bacainní a bhíonn roimh fhoghlaimeoirí neamhthraidisiúnta.”

Ag labhairt thar ceann ETB Dhún na nGall, dúirt Ciarán Ó Briain, Stiúrthóir FET, “Tá ETB Dhún na nGall bródúil as an chomhaontú comhpháirtíochta seo a chur ar bhonn foirmiúil, rud a osclaíonn doirse nua dár mic léinn agus a neartaíonn an nasc idir an dá eagraíocht. Le chéile, tá muid ag cruthú bealaí soiléire, a bhfuil tacaíocht ann dóibh, chuig an ardoideachas rud a athróidh saolta agus a neartóidh an pobal i nDún na nGall agus san Iarthuaisceart”.

Tá an tionscnamh seo mar chuid de straitéis níos leithne chun athbhreithniú agus ailíniú leanúnach a dhéanamh ar thairiscintí curaclaim, ag cinntiú go leanfaidh deiseanna d’fhoghlaimeoirí ar fud an réigiúin ag fás. Mar shampla, tig le foghlaimeoirí a chríochnaíonn an Teastas Ardleibhéil DCCÉ Leibhéal 6 san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige in ETB Dhún na nGall dul ar aghaidh go dtí an dara bliain den BSc i gCleachtas Cuimsitheach le haghaidh Cúnaimh Riachtanas Speisialta i gcampas Leitir Ceanainn OTA nó i gceann de na cláir Luath-Óige atá ar fáil ar fud go leor de champas OTA.

Is féidir le hiarratasóirí ar spéis leo iarratais dhíreacha a dhéanamh trí shuíomh gréasáin OTA. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar https://www.atu.ie/study/how-to-apply/advanced-entry-and-transfer-applicants.

Preasráiteas ó OTA