Category Archives: Scoileanna agus Seirbhísí Óige

Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne Fóram Sinsearach Díospóireachta Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students seated and standing holding medals and a cup.

Bhuaigh Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin Corn Bliantúil an Fhóraim Shinsearaigh Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Bhí an bua ag Coláiste Cranncha i mBun Cranncha sa chomórtas Pláta agus bhuaigh Coláiste an Earagail i Leitir Ceanainncomórtas an Bhabhla Róis. Fuair Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth an dara háit sa chomórtas […]

Baineann Coláiste Cranncha Fóram Díospóireachta Tionscnaimh Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students with a staff member holding a trophy.

Bhain Coláiste Cranncha i mBun Cranncha Corn tionscnaimh Fhóram Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), agus bhain Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth an Comórtas Pláta. Bhí an chéad ócáid díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Déardaoin, an 12 Márta. Bhí […]

Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB Seolta ag ETBI

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB ar fud na tíre ag ócáid Dé Céadaoin, 23rd Samhain in Óstán Chill Uasaille, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Uasaille, An Nás, Co. Chill Dara. Tá scoileanna ETB ina scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha a bhfuil croíluachanna feabhais sna nithe seo a leanas mar […]

Saotharlann Úr ETIM agus Códúcháin Seolta ag Coláiste an Eargail

Group of people cutting a ribbon.

Tá saotharlann nuálach Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) agus códúcháin oscailte ag Coláiste an Eargail, atá urraithe ag Optum Ireland and UK. Chuir comhpháirtíocht cúig bliana le Optum ar chumas na scoile saotharlann shaincheaptha a chruthú laistigh de sheomra ranga ríomhaireachta atá ann cheana féin, rud a chuirfidh ETIM agus códúcháin chun cinn níos […]

ASPIRE Inis Eoghain Seolta

Sheol Seirbhís Óige Dhún na nGall (DYS) Tionscadal Óige úr ASPIRE Inis Eoghain Dé hAoine, 30 Meán Fómhair san Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) faoin líne mhaoinithe UBU – D’Áit, Do Spás agus á reáchtáil ag Bord Oideachais agus […]

Tionscnamh Comhoibrithe Múinteoirí ETB Dhún na nGall ag Tacú le Cianteagasc le linn Shrianadh COVID-19 arna chuidiú ag Ciste Sármhaitheasa Scoileanna Digiteacha DES

Tá roinnt múinteoirí i scoileanna ar fud Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) ag obair ar thionscnamh nuálach teagaisc agus foghlama dar teideal ‘Comhoibriú Múinteoirí – Pleanáil Curaclaim na Sraithe Sóisearaí, Cruthú Ábhair agus Comhroinnt Acmhainní’. Tá an tionscnamh á fhorbairt le cúig bliana anuas agus tá físeán gairid curtha le chéile a léiríonn an […]

Réaltacht Fhíorúil in Úsáid ag Tionscnamh um Shábháilteacht ar Bhóithre le Fíor-eispéireas a Thabhairt do Mhic Léinn i dtaca le Timpistí Bóthair

Tá tionscnamh sábháilteachta le béim mhór a leagan ar na contúirtí atá ar ár mbóithre ar fáil anois le húsáid i Meánscoileanna, in Ionaid Chumasóige agus i gclubanna i nDún na nGall; tá sé ábalta fíor-eispéiris de dhrochthimpistí bóithre a thabhairt do mhic léinn. Clár réaltachta fíorúla (VR) maidir le sábháilteacht ar bhóithre is ea […]