An Comhairleoir Fionán Bradley Tofa ina Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall

Three people standing in front of a sign, one wearing a chain of office.
Three people standing in front of a sign, one wearing a chain of office.
Cathaoirleach nua-thofa ETB Dhún na nGall, an Clr Fionán Bradley (lár), agus an Leaschathaoirleach, Joanne Donaghy (ar dheis) leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh (ar chlé).

Toghadh an Comhairleoir Fionán Bradley ina Chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall Dé Luain, an 07 Meán Fómhair. Toghadh Joanne Donaghy, ionadaí na foirne, ina Leas-Chathaoirleach.

Tagann siad in ionad an Cathaoirleach a bhí ann roimhe seo, an Comhairleoir (Clr) Terry Crossan, agus an Leas-Chathaoirleach a bhí ann roimhe seo, an Clr Declan Meehan.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Mar aon lena Sheirbhís fhairsing Oideachais agus Oiliúna (FET), tagann cúig cinn déag de na seacht scoil iar-bhunscoile is fiche i gContae Dhún na nGall faoi phátrúnacht ETB Dhún na nGall agus is comhphátrún/iontaobhaí é d’ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha bhreise.

Cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ina ionad i nGartán, chomh maith le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air as obair óige.

In 2025 bhain breis agus 34,000 scoláire leas as oideachas agus oiliúint le ETB Dhún na nGall.

Two men standing in front of a sign holding a chain of office
An Cathaoirleach atá ag imeacht as oifig, an Clr Terry Crossan, ag tabhairt an tslabhra oifige do Chathaoirleach nua-thofa ETB Dhún na nGall, an Clr Fionán Bradley.

Ag labhairt dó faoina thoghadh mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Fionán Bradley: “Is mór an onóir dom a bheith tofa inniu mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall. Is cúis áthais ar leith dom a bheith i gceannas ar eagraíocht atá chun tosaigh i mo ghairm féin. Tá mé ag dúil go mór leis an bhliain atá romhainn. Gabhaim buíochas mór leis an Clr Terry Crossan as an cheannaireacht a léirigh sé le bliain anuas agus guím gach rath air amach anseo.”

Tá i mBord ETB Dhún na nGall dháréag ionadaí tofa, beirt bhaill foirne, beirt thuismitheoirí, beirt ionadaithe ó thionscal áitiúil agus triúr ionadaí leasa earnála.

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá an Clr Ciaran Brogan, an Clr Albert Doherty, an Clr Donal Coyle, an Clr Brian Carr, an Clr Jimmy Brogan, an Clr Martin Harley, an Clr Michael McBride, an Clr Pauric McGarvey, an Clr Tomás Seán Devine, an Clr Terry Crossan agus an Clr Declan Meehan.

Is iad Joanne Donaghy agus Kyle Clarke ionadaithe na foirne, agus is iad Geoffrey Browne agus duine eile, a chaithfear a ainmniú go fóill, ionadaithe na dtuismitheoirí.

Tá na cúig áit eile líonta ag Lorraine Thompson (Seirbhís Óige Dhún na nGall) a dhéanann ionadaíocht d’Obair d’Ógra Éireann; Patsy McVicar a dhéanann ionadaíocht do Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) / Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (ACCS), Caitríona Nic Seóin a dhéanann ionadaíocht d’Údarás na Gaeltachta; an Dr Joanne Gallagher a dhéanann ionadaíocht don Chumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA) agus Edel Ní Chorráin a dhéanann ionadaíocht d’Fhoras na Gaeilge.

Ag trácht di ar na ceapacháin, dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Chlr Fionán Bradley agus le Joanne Donaghy as a bheith tofa mar Chathaoirleach agus mar Leas-Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall. Is iontach an rud é go bhfuil beirt chomhghleacaithe againn a bhfuil taithí agus eolas fairsing acu ar ár n-eagraíocht, agus tá mé ag dúil go mór le bheith ag obair leo i rith na bliana seo romhainn chun ár Ráiteas Straitéise nua a chur i gcrích, ráiteas a cheadófar ag cruinniú den Bhord i mí na Nollag agus a thiocfaidh i bhfeidhm ar an chéad lá d’Eanáir 2027. Tá an méid a chuireann baill uile an Bhoird le bainistiú obair ETB Dhún na nGall lárnach sa seirbhís oideachais agus oiliúna ardchaighdeáin, atá dírithe ar an fhoghlaimeoir, a chuirimid ar fáil; agus tá an-mheas ag an Fhoireann Feidhmiúcháin ar a dtreoir agus ar a dtacaíocht.”

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Clrí Terry Crossan agus Declan Meehan as an obair agus an tacaíocht a chuir siad ar fáil le bliain anuas,” a dúirt sí.

Beidh an Bord reatha i mbun oibre ar feadh na dtrí bliana atá romhainn.