Category Archives: Breisoideachas agus Oilliúint

Bainisteoir Cúnta Ionad Oiliúna nua ceaptha ag Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair

Image of person - Aiden Coll

Tá an tUasal Aiden Coll ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall mar Bhainisteoir Cúnta Ionad Oiliúna dá Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ag Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair. Is as an Fhál Carrach é Aidan agus tá sé ag obair le ETB Dhún na nGall ó bhí 2017 ann mar Theagascóir Leictreachais in […]

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna 2025 ar siúl ó 4-5 Márta i Leitir Ceanainn

Event details (2025 FET Fair) in Irish.

Reáchtálfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ó 4-5 Márta in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, ag díriú ar a réimse leathan roghanna breisoideachais agus oiliúna ar fud an chontae. Ar an Chéadaoin an 4 Márta, ó 7.00-9.00pm, beidh an tAonach FET dírithe ar lucht […]

Rath na Mac Léinn a Cheiliúradh ag Ionad FET Leitir Ceanainn ag Ócáid na nGradam

Group of people with certificates.

Tháinig daichead mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET), a chríochnaigh a gcuid staidéir i mí na Bealtaine na bliana seo, le chéile i Leitir Ceanainn Déardaoin seo a chuaigh thart, an 28 Samhain, chun réimse leathan gradam a fháil ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). In éineacht leo san Ionad FET ar […]

Seolann Comhpháirtíocht Réigiúnach Litearthachta Dhún na nGall Plean Gníomhaíochta 2024

Sheol Comhpháirtíocht Réigiúnach Litearthachta d’Aosaigh Dhún na nGall Plean Gníomhaíochta 2024 inniu ar Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta, an 8 Meán Fómhair. Agus duine as gach cúigear duine fásta ag streachailt le gnáth-théacs laethúil a léamh agus a thuiscint, duine as gach ceathrar ag streachailt le huimhreacha ó lá go lá agus duine as gach beirt […]

Iarmhac Léinn ETB Dhún na nGall le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Comórtas Táthúcháin Domhanda WorldSkills sa Fhrainc

Group of people (one female, five male) standing side by side in a training workshop)

Tá Lee Davison, an táthaire as Dún na nGall as Bun Cranncha, ag ullmhú le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an 47ú Comórtas WorldSkills sa Fhrainc i mí Mheán Fómhair. Bhuaigh Lee comórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023 i mBaile Átha Cliath Meán Fómhair seo a chuaigh thart agus tá cúig mhí caite […]

2024-2025 Réamheolaire Breisoideachais agus Oiliúna Foilsithe

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2024-2025, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae. Soláthraíonn an Réamheolaire eolas sonraithe ar níos mó ná 125 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i réimsí éagsúla idir Leibhéal 1-6 […]

Maoiniú €218,000 Reach leithdháilte ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall chun tacú le rannpháirtíocht i gcláir oideachais pobail

Donegal ETB Logo

Tá €218,000 leithdháilte ag SOLAS, an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as Breisoideachas agus Oiliúint (FET), ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, chun tacú le foghlaimeoirí imeallaithe fáil a bheith acu ar chláir oideachais pobail i bpobail áitiúla, trí €5 mhilliún de mhaoiniú náisiúnta Reach. Tacóidh an maoiniú de €218,000 le chóir a bheith […]

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall 2024 ar siúl ó 28-29 Feabhra i Leitir Ceanainn

Event asset in Irish.

Reáchtálfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ó 28-29 Feabhra in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, ag díriú ar a réimse leathan roghanna breisoideachais agus oiliúna ar fud an chontae. Ar an Chéadaoin an 28 Feabhra, ó 7.00-9.00pm, beidh an tAonach FET dírithe ar lucht […]

Faigheann Fostaithe ó Mhiondíoltóirí Ceannais Náisiúnta Céim ó Chúrsa ETB Dhún na nGall

Large group of people

Bhronn ETB Dhún na nGall Dámhachtainí Sainchuspóireacha Leibhéal 6 i gCleachtais Foghlama Obair-Bhunaithe ar chaoga trí fostaithe ó bhreis agus tríocha de mhiondíoltóirí móra na tíre ag ócáid i mBaile Átha Cliath anocht. D’fhorbair Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall agus an Stiúrthóir Cláir do Phrintíseacht i Maoirseacht Mhiondíola, Ibec, an Dr […]

Cluineann Foireann FET ETB Dhún na nGall ó Shaineolaí Todhchaí na hOibre

Three people standing in front of a banner.

Ba é an Dr Oran Doherty, saineolaí ar thodhchaí na hoibre, an príomhchainteoir ag seimineár forbartha gairmiúla ETB Dhún na nGall dá fhoireann Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna (FET) inniu. Ba é seo an chéad imeacht foghlama agus forbartha gairmiúla pearsanta den mhéid seo d’fhoireann FET ó 2019. Chuir Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Ciaran […]