Category Archives: Eachtaí

D’éirigh le Tuismitheoirí Dhún na nGall sa Chlár ‘My Child My Vision’

Group of people

Reáchtáladh bronnadh dámhachtainí ar an 26 Samhain do sheacht dtuismitheoir déag i gceantair Leitir Ceanainn agus Ghleann na Finne ar éirigh leo sa chlár ‘My Child My Vision’. Bhain na tuismitheoirí duais Leibhéal 5 um Obair le Grúpaí de DCCÉ amach, agus tá páistí acu a fhreastalaíonn ar Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn, Coláiste […]

Seacht dTionscadal Scoile ETB Dhún na nGall Cáilithe do Thaispeántas Eolaí Óg & Teicneolaíochta BT 2025

BT Young Scientist Exhibition 2025 dates.

Tá seacht dtionscadal scoile de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cáilithe don 61ú BT Young Scientist & Technology Exhibition. Beidh an t-imeacht ar siúl san RDS, Baile Átha Cliath idir an 8-11 Eanáir 2025. Tá an Taispeántas ceaptha chun daoine óga a spreagadh chun teacht ar thuiscint níos fearr ar na deiseanna […]

Gradam Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023 don Mhúinteoir Spóirt is Fearr, bainte ag Múinteoir Corpoideachais ETB Dhún na nGall

Image of two people, male and female, one presenting an award to another (feature image).

Bhain Michelle McDaid, múinteoir Corpoideachais de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, Gradam Réalta Spóirt Dhún na nGall 2023 don Mhúinteoir Spóirt is Fearr (Meánscoil) ag bronnadh na ngradam Dé hAoine seo caite, an 24 Eanáir. Is múinteoir í Michelle i gColáiste Cranncha (Bun Cranncha), agus fuair sí a gradam ó Bhainisteoir […]

Baineann fiche a ceathair printíseach Dhún na nGall céim amach

Graduates throwing caps in the air.

Bhí fiche a ceathair printíseach ó Dhún na nGall i measc grúpa d’ochtó a hocht Printíseach Ceardaíochta ó sheacht gclár printíseachta déag ar bhronnadh céim orthu inniu. Ní raibh 124 printíseach, fiche a ceathair ó Dhún na nGall san áireamh, a cháiligh ar na mallaibh, in ann freastal ar an searmanas mar gheall ar fhostaíocht […]

Mac léinn FET agus Printíseach ETB Dhún na nGall i measc Bhuaiteoirí Chomórtais WorldSkills Ireland 2023

Two people side by side

Bhí beirt bhuaiteoir ó Dhún na nGall i measc bhuaiteoirí chomórtais WorldSkills Ireland 2023 a fógraíodh i mBaile Átha Cliath aréir. Lee Davison ó Bhun Cranncha a bhuaigh comórtas Táthúcháin WorldSkills Ireland 2023, agus Martin Doherty ón Chlochán a bhuaigh comórtas Cothabháil na bhFeithiclí Troma. Tagann an méid sin i ndiaidh comórtais a mhair trí lá […]

Rath Choláiste an Eargail ag Babhtaí Ceannais an Chontae i gComórtas Fiontraíochta

Student holding a trophy and a representative from LEO and Letterkenny Mayor.

Bhí cúis mhaith chéiliúrtha ag Coláiste an Eargail Dé Céadaoin, 8 Márta 2023 mar gur éirigh go maith le trí cinn dá mhionchomhlacht Idirbhliana ag Babhtaí Ceannais an Chontae sa Chomórtas Fiontraíochta do Dhaltaí a reáchtáil Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Dhún na nGall in Óstán an Clanree i Leitir Ceanainn. Bhí roinnt mhaith mionchomhlachtaí i […]

Mic Léinn de chuid FET ETB Dhún na nGall Páirteach i WorldSkills Ireland 2022

Bhí roinnt mac léinn agus printíseach de chuid Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) ETB Dhún na nGall páirteach san ócáid WorldSkills Ireland 2022 a reáchtáladh san RDS ón 13-15 Meán Fómhair. Chuaigh Lee Davison, mac léinn reatha de chuid ETB Dhún na nGall (táthúchán píobáin chódaithe), san iomaíocht sa chomórtas táthúcháin. I ndiaidh dó bunchúrsa táthúcháin a […]

D’éirigh go geal le mic léinn ETB Dhún na nGall ag BTYSE 2022

Bhí triúr mac léinn de chuid ETB Dhún na nGall i measc na ndaoine a bhain duaiseanna ag babhta ceannais Thaispeántas Eolaithe Óga BT 2022 a reáchtáladh ar líne Dé hAoine, 14 Eanáir 2022: Bhain Ciara Cannon, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, an dara duais ina catagóir, Eolaíochtaí Bitheolaíocha agus Éiceolaíocha (Meánleibhéal), lena […]

Gradaim FET Bronnta ar 130 Aosach agus Duine Óg in Iarthar Dhún na nGall

Tháinig os cionn céad tríocha duine le chéile in Óstán an Waterfront, An Clochán Liath, Dé Máirt seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Bronnadh na gradaim ar mhic léinn i ndiaidh dóibh réimse clár páirtaimseartha agus lánaimseartha a dhéanamh le bliain anuas, cláir […]

Gradaim FET Faighte ag Níos Mó ná 130 Aosach in Inis Eoghain

Tháinig os cionn céad tríocha duine ó gach cearn d’Inis Eoghain le chéile in Óstán an Ghrianáin, An Bheart, Déardaoin seo caite, le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Bhronn an ETB teastais ar níos mó ná céad tríocha mac léinn aosach a bhain cáilíochtaí amach […]