Category Archives: Imeachtaí

Áthas go bhFuil Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do Scoileanna Ar Ais

Enterprise Day Asset

Tá Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do dhaltaí iar-bhunscoile ó gach cearn den chontae ar ais Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair, i ndiaidh sos cúig bliana, agus tá fáilte roimhe. Is é aidhm an lae, a bheidh ar siúl ar champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Leitir Ceanainn, coincheap na fiontraíochta a chur os […]

Baineann Coláiste Cranncha Fóram Díospóireachta Tionscnaimh Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students with a staff member holding a trophy.

Bhain Coláiste Cranncha i mBun Cranncha Corn tionscnaimh Fhóram Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), agus bhain Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth an Comórtas Pláta. Bhí an chéad ócáid díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Déardaoin, an 12 Márta. Bhí […]

Lá Fáilte roimh Mhic Léinn Ar siúl san Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is Úire

Person having blood pressure checked.

D’fhreastail breis agus cúig mhac léinn is seachtó ar lá fáilte roimh mhic léinn ag an Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) úrnua de chuid ETB Dhún na nGall ar Bhóthar na Páirce Gnó i Leitir Ceanainn Dé Máirt an 10 Deireadh Fómhair. Ba é téama an lae ná folláine agus tábhacht an fhéinchúraim, agus é […]

Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB Seolta ag ETBI

Sheol Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Creat Pátrún ar Éiteas Scoileanna ETB ar fud na tíre ag ócáid Dé Céadaoin, 23rd Samhain in Óstán Chill Uasaille, Bóthar Chill Chuillinn, Cill Uasaille, An Nás, Co. Chill Dara. Tá scoileanna ETB ina scoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha a bhfuil croíluachanna feabhais sna nithe seo a leanas mar […]

Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl 23-24 Samhain

Poster about Fiar - text on a green background.

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl ón 23-24 Samhain san Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn. Díríonn an tAonach ar sholáthar cuimsitheach FET ETB Dhún na nGall ar fud an chontae agus beidh lúcháir ar dhaoine é a fheiceáil beo arís den chéad uair le trí bliana. Mheall an tAonach […]

Mic Léinn de chuid FET ETB Dhún na nGall Páirteach i WorldSkills Ireland 2022

Bhí roinnt mac léinn agus printíseach de chuid Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) ETB Dhún na nGall páirteach san ócáid WorldSkills Ireland 2022 a reáchtáladh san RDS ón 13-15 Meán Fómhair. Chuaigh Lee Davison, mac léinn reatha de chuid ETB Dhún na nGall (táthúchán píobáin chódaithe), san iomaíocht sa chomórtas táthúcháin. I ndiaidh dó bunchúrsa táthúcháin a […]

Lá Oscailte Ionad FET Leitir Ceanainn

Reáchtálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall lá oscailte Dé Céadaoin seo chugainn, 11 Bealtaine san Ionad FET is úire dá cuid ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn. Bhíodh an t-ionad FET lonnaithe in Oifigí Riaracháin an ETB roimhe seo ag Ard Uí Dhomhnaill agus ansin ar an Bhóthar Ard, ach […]

Síníonn ETB Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta Meabhrán Tuisceana

Tá Meabhrán Tuisceana (MoU) cúig bliana sínithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Údarás na Gaeltachta chun caidreamh a fhorbairt ina n-aithníonn an dá pháirtí a chéile mar eagraíochtaí comhpháirtíochta a rachaidh chun tairbhe don dá eagraíocht agus do Chontae Dhún na nGall agus réigiún an Iarthuaiscirt. Cuireann sé le stair […]

Ráiteas Straitéise 2022-2026 Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol ETB Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2022-2026. Leagann an Ráiteas amach misean an ETB thar an chéad chúig bliana eile maidir le ‘deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil a chuidíonn le mic léinn a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.’ […]

Coicís FET Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall Coicís FET inniu; imeacht ar líne atá ann a thosóidh an tseachtain seo chugainn. Mar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, óstálann a Sheirbhís FET Aonach FET ollmhór gach bliain chun a réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna a chur os comhair […]