Fáilte Roimh an Bhliain Acadúil Úr ón Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.

Nuair a bhí muid ag druidim le deireadh na bliana acadúla 2019/20 i mí na Bealtaine thug mé le fios go mb’fhéidir go mbeadh an bhliain acadúil úr difriúil ó bhlianta acadúla roimhe seo. Tá sé sin amhlaidh gan dabht ach tá fáilte an Fhómhair seo chomh croíúil agus chomh dearfach agus a bhí riamh. […]

Tuarascáil Eisithe maidir le Soláthar Breisoideachais agus Oiliúna le linn Phaindéim COVID-19

Tá tuarascáil taighde eisithe ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall; díríonn an páipéar ar an dóigh a bhfuil teagasc, foghlaim agus measúnú á soláthar aici le linn phaindéim COVID-19. Druideadh Ionaid FET ar an 12 Márta i ndiaidh don Rialtas a fhógairt gur chóir do scoileanna, réamhscoileanna agus ionaid bhreisoideachais agus […]

Leas-Phríomhoidí Úra Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá beirt Leas-Phríomhoidí úra ceaptha ag ETB Dhún na nGall ina scoileanna ar an Charraig agus i mBaile Dhún na nGall. Ceapadh an tUasal Gareth Doherty mar Leas-Phríomhoide i gColáiste na Carraige (An Charraig) don scoilbhliain 2020/21, fad is gur ceapadh Caroline Mohan, Uasal mar Leas-Phríomhoide i nGairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall. […]

Cúrsa Oiliúna Úr maidir le Ceannaireacht agus Bainistíocht Forbartha le Baill Foirne Maoirseachta a Uas-sciliú

Tá tionscnamh úr oiliúna maidir le ceannaireacht agus bainistíocht forbartha a bhfuil sé mar aidhm aige baill foirne maoirseachta a uas-sciliú ar fud réigiúin an Iarthuaiscirt agus an Oirthuaiscirt le linn phaindéim COVID-19 agus tá sé á chur ar fáil go háitiúil ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Trí oiliúint an-fhóirdheonaithe […]

Foireann Úr Rannpháirtíochta Fiontraíochta Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá beirt bhall foirne úra ceaptha ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall le tacú le fostóirí a bhfoirne a uas-sciliú agus a athsciliú. Ceapadh Margaret Timoney mar an Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL) agus ceapadh Donna McDade mar an Comhordaitheoir Scileanna don Obair. Tá post Margaret á mhaoiniú ag SOLAS faoina chiste […]

Príomhoide Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Iar-Bhunscoil Thoraí

Tá an tUasal Patrick Queenan ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar Phríomhoide úr ar Choláiste Pobail Cholmcille ar Thoraigh. Tá an scoil sin ar cheann den dá scoil oileáin atá á mbainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa […]

Teachtaireacht dheireadh na bliana ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le deireadh bhliain acadúil 2019-2020 dár gcuid scoileanna agus ionad, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt go poiblí dár mbaill foirne iontacha a bhí ábalta ag an dúshlán fíordheacair a bhí romhainn.  I ndáiríre, thar oíche, bhí ar bhaill foirne leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre agus paindéim COVID-19 ag dul […]

Óstálann Seirbhís FET an chéad sraith de sheimineáir ghréasáin maidir le Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT/TEL)

Óstálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall seachtain iontach de sheimineáir ghréasáin maidir le Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT/TEL) dá cuid ball foirne an tseachtain seo ón 25-29 Bealtaine. Le bliain anuas tá Forbairt Ghairmiúil FCT/TEL lárnach do Straitéis FCT/TEL ETB Dhún na nGall dá bhaill foirne FET agus don phlean náisiúnta […]

1,600+ Duine Óg agus Duine Fásta Páirteach i dTionscadal Cleachtas Aisiríoch

Tháinig tionscadal Cleachtas Aisiríoch (RP) ETB Dhún na nGall, arna mhaoiniú ag Síocháin IV, chun críche le gairid i ndiaidh do 1,600 duine óg agus duine fásta ar fud an chontae a bheith páirteach ann le scileanna a fhorbairt chun tacú leo coinbhleacht a réiteach ina saol. In 2018 d’éirigh le ETB Dhún na nGall […]

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh an Fhógra faoi Ghráid Ríofa le haghaidh Ardteistiméireacht 2020

Ag cruinniú boird mhí na Bealtaine d’fháiltigh Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall roimh an fhógra a rinne an Roinne Oideachais agus Scileanna le gairid maidir le ‘Gráid Ríofa’ do rang na hArdteistiméireachta 2020, leis an rogha go bhféadfaí scrúdú a shuí lá níos faide anonn. Tuigeann ETB Dhún na nGall na dúshláin […]