Category Archives: Breisoideachas agus Oilliúint

Caint tugtha ag an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh mar pháirt de Sheimineár Oideachais Pobail

D’fhreastail díreach breis agus 80 rannpháirtí ar an tSeimineár bhliantúil Oideachais Pobail le gairid arna óstáil ar líne ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Tugann an seimineár bliantúil sin deis dóibh siúd atá páirteach i soláthar an Oideachais Pobail, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú deontais arna riaradh ag Clár […]

Glór na Mac Léinn, Seó Bóthair na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna, Reáchtáilte Ar Líne

Bhí deis ag mic léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) atá ag tabhairt faoi chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall aiseolas a thabhairt maidir leis an tSeirbhís an tseachtain seo caite ag Seó Bóthair FET dar teideal Glór na Mac Léinn. Ba é sin an dara huair a reáchtáladh an t-imeacht […]

Boird Oideachais agus Oiliúna “ag cur go mór le hionchuimsiú gníomhach in Éirinn” dar le Suirbhé

Is léir ó shuirbhé ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) arna sholáthar ag na 16 Bord Oideachais agus Oiliúna in Éirinn (ETBanna) a foilsíodh inniu go n-áiríonn na buntáistí agus na torthaí FET do rannpháirtithe réimse leathan buntáistí sna catagóirí seo a leanas: buntáistí pearsanta, buntáistí oideachas, buntáistí sóisialta, buntáistí fostaíochta agus buntáistí pobail: Dar leis […]

Seacht gCúrsa Dhéag ar fáil i nDún na nGall fríd an CAO

Tá roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus eolas faoi Phrintíseachtaí ar fáil do mhic léinn Ardteistiméireachta fríd an CAO den chéad uair riamh i mbliana. Tá seacht rogha FET déag ar fáil ar fud Dhún na nGall trí Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Áiríonn siad Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna) agus cúrsaí oiliúna. Agus í ag […]

Printísigh Leictreacha le Freastal ar Oiliúint Chéim 4 i nDún na nGall den Chéad Uair

Chláraigh an chéad ghrúpa de Phrintísigh Leictreacha le tabhairt faoi Chéim 4 dá bprintísigh i nDún na nGall ar maidin in LYIT le Roinn na hInnealtóireachta Leictreonaí agus Meicniúla agus le Seirbhísí Printíseachta ETB Dhún na nGall ar lá stairiúil don chontae, dar le go leor daoine. Mar thoradh ar an chomhoibriú leanúnach idir ETB […]

Réamheolaire FET 2021-2022 foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá le teacht, 2021-2022; tá eolas le fáil ann faoi cheithre chúrsa lánaimseartha spreagúla úra a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair. Tá eolas mionsonraithe sa Réamheolaire ar níos mó ná 120 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i […]

Coicís FET Seolta ag ETB Dhún na nGall

Sheol Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall Coicís FET inniu; imeacht ar líne atá ann a thosóidh an tseachtain seo chugainn. Mar an soláthróir oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, óstálann a Sheirbhís FET Aonach FET ollmhór gach bliain chun a réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna a chur os comhair […]

Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú 2021

Tá gairm oscailte ar mhaoiniú seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, i gcomhar le SOLAS; tá sé mar aidhm ag an mhaoiniú tacaíocht a thabhairt do Sholáthraithe/Ghrúpaí áitiúla Oideachais Pobail. Tógann Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF) 2021 ar rath an chiste roimhe sin (2020) agus tá sé mar […]

Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama Úr Ceaptha

Tá Siobhán Murray ceaptha mar an Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (ARF) úr le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama, nó RPL, ann próiseas trínar féidir scileanna agus eolas a fuarthas trí shaol taobh amuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil a mheas agus a dheimhniú. Ligfidh an obair sin do […]

Deireadh Tagtha le Tionscadal Ceannaireachta Pobail Rathúil arna Mhaoiniú ag PEACE IV

Donegal ETB ogo

Tá deireadh tagtha le tionscadal ceannaireachta pobail rathúil arna mhaoiniú ag PEACE IV; bhí seasca a naoi duine páirteach ann ar fud deich mol pobail. Bhí an tionscadal á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Forbairt Áitiúil Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain. Thacaigh Clár PEACE IV an Aontais Eorpaigh […]