Category Archives: Breisoideachas agus Oilliúint

‘Glór na Mac Léinn’, Fóram de chuid na Seirbhíse FET Óstáilte ag ETB Dhún na nGall den Chéad Uair

D’óstáil Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, a chéad fhóram neamhspleách riamh ar an 11 Feabhra; “Glór na Mac Léinn” an teideal a bhí air. Tá sé mar aidhm ag an Fhóram, a bheidh ina ócáid bhliantúil as seo amach, aiseolas a bhailiú ó mhic léinn maidir le héifeachtacht sholáthar FET Dhún […]

Gradaim FET Bronnta ar 130 Aosach agus Duine Óg in Iarthar Dhún na nGall

Tháinig os cionn céad tríocha duine le chéile in Óstán an Waterfront, An Clochán Liath, Dé Máirt seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Bronnadh na gradaim ar mhic léinn i ndiaidh dóibh réimse clár páirtaimseartha agus lánaimseartha a dhéanamh le bliain anuas, cláir […]

Gradaim FET Faighte ag Níos Mó ná 130 Aosach in Inis Eoghain

Tháinig os cionn céad tríocha duine ó gach cearn d’Inis Eoghain le chéile in Óstán an Ghrianáin, An Bheart, Déardaoin seo caite, le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Bhronn an ETB teastais ar níos mó ná céad tríocha mac léinn aosach a bhain cáilíochtaí amach […]

Gradaim FET Bronnta ar 150 Aosach i nGleann na Finne

Tháinig os cionn céad caoga duine le chéile in Óstán an Villa Rose, Bealach Féich, Déardaoin seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Baineadh na gradaim amach mar gheall ar chláir pháirtaimseartha éagsúla le bliain anuas, cláir a críochnaíodh i gceantar Ghleann na Finne. […]

Comhordaitheoir Úr Cumasóige Ceaptha d’Ionad Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh

Tá Comhordaitheoir úr, Paula Burns, ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Ionad Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh. Tá Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhaile Átha Seanaidh ETB Dhún na nGall. Tá sé ar cheann den iliomad clár atá á chur ar fáil ag Seirbhís FET Bhord Oideachais agus Oiliúna […]

“Glór na Mac Léinn”; Fóram Úr á Reáchtáil ag an tSeirbhís Breisoideachais & Oiliúna (FET) an Mhí Seo Chugainn

Óstálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, a chéad fhóram neamhspleách riamh an mhí seo chugainn; “Glór na Mac Léinn” an teideal a bheidh air. Tá sé mar aidhm ag an Fhóram aiseolas a bhailiú ó mhic léinn FET maidir le cé chomh héifeachtach agus atá soláthar Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna Dhún […]

Rolluithe do Ranganna Oíche Sheirbhís Breisoideachais & Oiliúna (FET) ag Tosú an tSeachtain Seo Chugainn

Tá réimse leathan ranganna oíche á thairiscint ag Seirbhís FET Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall ar fud an chontae an tEarrach seo agus beidh rollú ar siúl an tseachtain seo chugainn sna scoileanna agus sna hionaid a liostaítear thíos. Tá réimse leathan ábhar á thairiscint lena n-áirítear teiripe scéimhe agus smideadh, ríomhaireacht (bunleibhéal, […]

Labhraíonn an tEolaí Aeráide Mór le Rá, an tOllamh Emeritus John Sweeney, le Soláthraithe Oideachais Pobail Dhún na nGall

D’fhreastail os cionn céad rannpháirtí ar Sheimineár Bliantúil Oideachais Pobail Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn inniu. Tugann an seimineár bliantúil seo deis dóibh siúd atá páirteach in Oideachas Pobail a chur ar fáil, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú i bhfoirm deontas arna riaradh ag Clár Tacaíochta […]

Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 300 mac léinn i Leitir Ceanainn

Tháinig trí chéad mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET), mar aon le teaghlaigh, cairde agus baill foirne, le chéile in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn Déardaoin seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall. Bhain mic léinn teastais amach mar gheall ar réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha a […]

Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 175 Mac Léinn i nDeisceart Dhún na nGall i mBaile Dhún na nGall

Bhronn Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan gradam ar mhic léinn as gach cearn de Dheisceart Dhún na nGall ag ócáid bhronnta tráthnóna Dé Máirt seo caite. D’fháiltigh Stiúrthóir FET le ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, roimh na céadta mac léinn, aíonna agus baill foirne chuig an ócáid in […]