Category Archives: Oifig Riaracháin

Déanann Príomhfheidhmeannach Comhghairdeachas le Daltaí Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall, agus is comhpháirtí iontaobhais é do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach sa chontae, agus inniu rinne sé comhghairdeachas leis na daltaí atá ag fáil a nGráid Ríofa don Ardteistiméireacht i ndiaidh bliain nach raibh a leithéid ann riamh. Cuireadh scrúduithe […]

Fáilte Roimh an Bhliain Acadúil Úr ón Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.

Nuair a bhí muid ag druidim le deireadh na bliana acadúla 2019/20 i mí na Bealtaine thug mé le fios go mb’fhéidir go mbeadh an bhliain acadúil úr difriúil ó bhlianta acadúla roimhe seo. Tá sé sin amhlaidh gan dabht ach tá fáilte an Fhómhair seo chomh croíúil agus chomh dearfach agus a bhí riamh. […]

Teachtaireacht dheireadh na bliana ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le deireadh bhliain acadúil 2019-2020 dár gcuid scoileanna agus ionad, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt go poiblí dár mbaill foirne iontacha a bhí ábalta ag an dúshlán fíordheacair a bhí romhainn.  I ndáiríre, thar oíche, bhí ar bhaill foirne leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre agus paindéim COVID-19 ag dul […]

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh an Fhógra faoi Ghráid Ríofa le haghaidh Ardteistiméireacht 2020

Ag cruinniú boird mhí na Bealtaine d’fháiltigh Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall roimh an fhógra a rinne an Roinne Oideachais agus Scileanna le gairid maidir le ‘Gráid Ríofa’ do rang na hArdteistiméireachta 2020, leis an rogha go bhféadfaí scrúdú a shuí lá níos faide anonn. Tuigeann ETB Dhún na nGall na dúshláin […]

Fanfaidh Scoileanna agus Ionaid FET ETB Dhún na nGall Druidte go dtí Meán Fómhair 2020

Donegal ETB ogo

Fanfaidh gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET), Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tseirbhís ceoil druidte go dtí tús na bliana acadúla 2020/21, ach amháin i gcás aon socruithe speisialta a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm do dhaltaí atá ag ullmhú dá Scrúduithe Ardteistiméireachta, i ndiaidh […]

Socruithe Malartacha maidir le Scrúduithe do Mhic Léinn FET ETB Dhún na nGall le linn Éigeandáil COVID-19

Donegal ETB ogo

Faoi mar a d’fhógair an tAire Ardoideachais, Mary Mitchell O Connor, maidin inniu nach mbeidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais ag reáchtáil measúnuithe scríofa, ó bhéal ná praiticiúla in ionaid scrúduithe le linn éigeandáil COVID-19 (https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2020-press-releases/PR20-04-08.html), is féidir le ETB Dhún na nGall a dheimhniú go ndearnadh socruithe malartacha dá chuid mac léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna […]

Freagra tugtha ag 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann ar riachtanais foghlaimeoirí le linn Covid-19

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na hÉireann ag cur bearta tábhachtacha i bhfeidhm le dul i ngleic leis na dúshláin atá tagtha chun cinn de bharr Covid-19 agus lena chinntiú go mbeidh leanúnachas ann i dtaobh oideachais agus oiliúna do thuairim is 450,000 dalta agus foghlaimeoir ar fud an stáit. Tuigeann earnáil na […]

Scoileanna agus Ionaid ETB Dhún na nGall ag Fannacht Druidte go dtí an 19 Aibreán 2020

Donegal ETB ogo

Ag eascairt ón mhéid a d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin tá gach Scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin, an tSeirbhís Oideachais Ceoil agus gach Oiliúint Tráthnóna /Rang Oíche ag fannacht druidte go dtí Dé Domhnaigh, an 29 Aibreán mar fhreagairt ar scaipeadh […]

Preasráiteas maidir le COVID-19 ó na hEagraíochtaí Bainistíochta, ACCS, BOOÉ & JMB

Tá na heagraíochtaí bainistíochta, a fheidhmíonn ar son na hiarbhunscoileanna uile sa Stát, i ndiaidh cumarsáide lena scoileanna, ag iarraidh orthu an teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó Uiginn, maidir le tábhacht an scaraidh sóisialta a chur faoi bhráid gach tuismitheoir agus gach scoláire. Tá Uachtarán Ó Uiginn ag gríosú le daoine óga […]

Scoileanna agus Ionaid ETB Dhún na nGall Druidte go dtí an 29 Márta 2020

Donegal ETB ogo

Ag eascairt ón mhéid a d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin tá gach Scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna, Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin, an tSeirbhís Oideachais Ceoil agus gach Oiliúint Tráthnóna /Rang Oíche druidte ó 6.00i.n. tráthnóna inniu, Déardaoin, an 12 Márta go dtí Dé Domhnaigh, an […]