Category Archives: Oifig Riaracháin

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh

Image of Chief Executive Anne McHugh

Ní bheidh Nollaig 2020 cosúil le Nollaig ar bith eile a bhí againn roimhe seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú le haithint cé chomh deacair agus a bhí an bhliain seo do gach duine. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na daltaí inár gcuid […]

Tuarascáil Bhliantúil do 2019 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Thuarascáil Bhliantúil do 2019 inniu, doiciméad a thugann achoimre ar an réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chuir an ETB ar fáil. Bhí níos mó daltaí ná riamh ag an ETB in 2019; bhí thar 29,000 daltaí ag freastal ar a chuid scoileanna, ar a Sheirbhís […]

An Clr Albert Doherty Tofa mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall

Toghadh an Clr Albert Doherty mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall iarnóin inniu. Toghadh an Clr Gary Doherty mar Leaschathaoirleach Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), bainistíonn sé cúig déag de na […]

Bás Tobann Ball Foirne ETB agus Chumasóige, Noel Rodden

Tá muid go mór faoi bhrón i ndiaidh dúinn cloisteáil gur bhásaigh ár gcomhghleacaí uasal agus comhalta den ETB, Noel Rodden, go tobann inné. Bhí Noel ina mhúinteoir inár nIonad Cumasóige i Leifear. Bhí Noel ina bhall de Bhoird Bhainistíochta i roinnt scoileanna fosta – Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth; Pobalscoil Chloich Cheannfhaola; An Fál […]

Seirbhísí ETB Dhún na nGall ag Leanúint ar Aghaidh le linn Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19

Fanfaidh gach iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall oscailte agus beidh bearta cosanta i bhfeidhm iontu faoi mar atá leagtha síos i Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a mbeidh Co. Dhún na nGall ag bogadh chuige ó mheán oíche, Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair. Tá an ráiteas ón […]

Seirbhísí ETB Dhún na nGall ag Leanúint ar Aghaidh le linn Leibhéal 4 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19

Fanfaidh gach iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall oscailte agus beidh bearta cosanta i bhfeidhm iontu faoi mar atá leagtha síos i Leibhéal 4 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a mbeidh Co. Dhún na nGall ag bogadh chuige anocht, Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair. Fanfaidh Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB […]

Leas-Phríomhoide Úr Ceaptha i gColáiste Pobail Bhun an Phobail

Tá Caroline Doherty, Uasal ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar Leas-Phríomhoide úr Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tiocfaidh Caroline Doherty, Uasal in ionad an Uasail Eamonn Ryan atá ag éirí as ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair i ndiaidh naoi mbliana déag i mBun an Phobail agus aon bhliain déag mar Leas-Phríomhoide sa Choláiste. Chaith […]

Fanfaidh Scoileanna agus Ionaid FET ETB Dhún na nGall Oscailte le linn Leibhéal 3 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19

Fanfaidh gach scoil, Ionad Oideachais agus Oiliúna (FET), Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tSeirbhís Ceoil oscailte agus cloífear le bearta cosanta de réir mar atá leagtha síos in Leibhéal 3 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a bheidh i bhfeidhm i nDún na nGall ó mheán oíche Dé hAoine, […]

Tús Curtha le Séasúr Gailf 2020/2021 do Chumann Gailf ETB Dhún na nGall

Tá séasúr úr do Chumann Gailf ETB Dhún na nGall ar tí tosú. Bunaíodh Cumann Gailf ETB Dhún na nGall in 1993. Bhí 73 ball ann ar dtús; tá a 28ú bliain bainte amach aige anois. Jim McGlynn a bheidh ina Chaptaen do shéasúr 2020/2021 agus beidh Kathleen Gallagher ina Leaschaptaen. Tugann an Cumann an […]

Tosaíonn Clár Folláine Ionad Oibre an Fhómhair le Lá Náisiúnta Siúil.

Cuireann ETB Dhún na nGall tús lena chlár folláine foirne san Fhómhar le Lá Náisiúnta Siúil, Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair. Tá baill foirne á spreagadh chun dul amach agus siúl ag am ar bith agus chomh fada agus a theastaíonn uathu ar an lá. D’fhonn na treoirlínte Covid-19 is déanaí a leanúint, spreagtar gach […]