Category Archives: Oifig Riaracháin

Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sínithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) le ETB Dhún na nGall chun Rochtain ar Ardoideachas a Leathnú

Four people sitting behind a desk with two banners in teh background.

Tá comhaontuithe comhpháirtíochta sínithe go hoifigiúil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB). Beidh leathnú rochtana ar ardoideachas ar fud an réigiúin mar thoradh ar an chomhoibriú seo. Cuireann na comhaontuithe comhpháirtíochta seo bealaí uasiontrála ar fáil d’fhoghlaimeoirí i mBreisoideachas agus Oiliúint (FET) ó dhámhachtainí Leibhéal 6 […]

Baineann Coláiste an Eargail Fóram Sinsearach Díospóireachta Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of people seated and sanding, holding a cup.

Bhain Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn, Corn Bliantúil Fhóram Sinsearach Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall. Bhí an bua ag Coláiste Cranncha i mBun Cranncha i gcomórtas an Phláta agus bhain Gairmscoil Chaitríona ar na Cealla Beaga comórtas an Bhabhla Róis. Bhí an comórtas díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall […]

Athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt i gcomhpháirtíocht suntasach oideachais trasteorann

Six people standing side by side beside a large screen.

.Ainmníocht UNESCO le leathnú chun go mbeidh Dún na nGall san áireamh agus ceannairí ag gealladh deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a leathnú ar fud an réigiúin Bhailigh ceannairí pobail, oideoirí agus ionadaithe sibhialta ar champas Doire Ollscoil Uladh chun athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt a cheiliúradh, ócáid chinniúnach thábhachtach i gcomhoibriú trasteorann […]

Leas-Phríomhoide Nua Ceaptha ar Choláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir

Image of person - Ashlean McGeehan

Tá Ashlean McGeehan, Uasal ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall ina Leas-Phríomhoide nua Choláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir. Tagann sí i gcomharba ar Kathleen Boland, Uasal, an Leas-Phríomhoide atá ag dul ar scor. Is as Bealach Féich ó dhúchas í Ashlean agus bhí sí ag teagasc roimhe seo […]

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Agus Nollaig 2025 ag druidim linn, ba mhaith liom buíochas ó chroí a thabhairt don phobal ETB uilig, ar fud ár scoileanna, ár n-ionad agus ár n-oifigí riaracháin, as an tiomantas agus as an ghairmiúlacht a chuir go mór le hobair ETB Dhún na nGall i gcaitheamh na bliana seo. Leanann ár dtrí chrann taca, […]

Iarrann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar Thuismitheoirí Páirt a Ghlacadh i Suirbhé Bunscoileanna agus a dTuairimí a Chur in Iúl faoi Thodhchaí an Bhunoideachais

Primary School Survey name in Irish, a bee, crayons and Department of Education and Youth logo

Tá fáilte curtha ag Bord Oideachais agus Óiliúna (ETB) Dhún na nGall roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Óige suirbhé a dhéanamh ar gach tuismitheoir ar fud na tíre a bhfuil páistí acu 0-12 bhliain d’aois. Tá sé mar aidhm ag an suirbhé, https://www.gov.ie/en/department-of-education/campaigns/primary-school-survey/, measúnú a dhéanamh ar cé chomh mór agus atá tuismitheoirí ag […]

Fáiltíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall roimh Shíniú Conartha Tógála d’Acadamh Printíseachta Nua i Leitir Ceanainn

Group of peole - a row sitting behind a table and a row behind.

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) fáilte roimh shíniú conartha tógála idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Boyle Construction chun Acadamh Printíseachta nua a fhorbairt i Leitir Ceanainn. Tá breis is 1,600 méadar cearnach san fhoirgneamh agus tá spás breise agus áiteanna páirceála mar chuid de, agus beidh níos mó ná […]

Áthas go bhFuil Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do Scoileanna Ar Ais

Enterprise Day Asset

Tá Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do dhaltaí iar-bhunscoile ó gach cearn den chontae ar ais Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair, i ndiaidh sos cúig bliana, agus tá fáilte roimhe. Is é aidhm an lae, a bheidh ar siúl ar champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Leitir Ceanainn, coincheap na fiontraíochta a chur os […]

Bainisteoir Nua Ceaptha ar Sheirbhís Ceoil ETB Dhún na nGall

Person sanding in front of a sign in a building.

Tá áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tUasal John McIvor ceaptha mar Bhainisteoir nua ar a sheirbhís ceoil, Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall (DMEP). Tagann seo i ndiaidh imeacht an bhainisteora roimhe sin, Martin McGinley, anuraidh. Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas do John, d’oibrigh […]

Leas-Phríomhoide nua ceaptha chuig Gairmscoil Chú Uladh

Sinéad Ní Dhochartaigh

Tá áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an Sinéad Ní Dhochartaigh ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Ghairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir. Téann sí in áit Aoife de Náis, a bhog go post Leas-Phríomhoide i gColáiste Ailigh i Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Is as […]