Category Archives: Oifig Riaracháin

Ar Ais ar Scoil … le hainm scoile, suaitheantas scoile agus culaith scoile nua!

Students and staff holding a cutout in front of banners.

D’fhill daltaí i scoil amháin in Inis Eoghain ar scoil an tseachtain seo caite agus ainm scoile, suaitheantas scoile agus culaith scoile nua acu. Coláiste Chineál Eoghain a thugtaí ar Choláiste Eoghain roimhe seo, ach, le foirgneamh nua scoile le teacht, shocraigh na daltaí, an fhoireann, na tuismitheoirí agus pobal na scoile i gcoitinne níos […]

Déanann Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Comhghairdeas le Daltaí na hArdteiste as a dTorthaí

Image of Chief Executive Anne McHugh

Rinne Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, Anne McHugh, comhghairdeas le scoláirí a fuair a gcuid torthaí Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí agus Ghairmchlár na hArdteistiméireachta inniu. Bainistíonn ETB Dhún na nGall cúig iar-bhunscoil déag as na 27 iar-bhunscoil i gContae Dhún na nGall agus is comhiontaobhaí é le haghaidh na n-ocht bPobalscoil agus […]

2024-2025 Réamheolaire Breisoideachais agus Oiliúna Foilsithe

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2024-2025, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae. Soláthraíonn an Réamheolaire eolas sonraithe ar níos mó ná 125 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i réimsí éagsúla idir Leibhéal 1-6 […]

Comhdháil an Iarthuaiscirt sa Todhchaí 2024

Seven people standing side by side.

Ar an Chéadaoin, an 29 Bealtaine 2024, d’óstáil Ollscoil Uladh comhdháil chomhpháirteach leis an Lárionad um Staidéar Trasteorann agus Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt. Bhí fócas na comhdhála go mór ar an todhchaí agus ar an athrú inmhianaithe a thiocfaí a bhaint amach d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann trí phleanáil níos comhleanúnaí. Ag ceiliúradh 25 […]

Leas-Phríomhoide nua ceaptha ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail

Image of a person

Tá sé fógartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, go bhfuil an tUasal Sue Donaghy ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá an scoil ar cheann de thrí iar-bhunscoil in Inis Eoghain atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall agus tá daonra scoile os cionn 600 dalta aici. […]

Príomhoide Nua ceaptha ar Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór

Image of person

Tá sé fógartha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) go bhfuil Derval Newman ceaptha ina Príomhoide nua ar Ghairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór ó Mheán Fómhair 2024. Glacfaidh sí áit Mary Doherty a rachaidh ar scor ag deireadh na scoilbhliana seo. Bunaithe in 1990, is bunchloch ag an phobal áitiúil í […]

Baineann Coláiste Cranncha Fóram Díospóireachta Tionscnaimh Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of students with a staff member holding a trophy.

Bhain Coláiste Cranncha i mBun Cranncha Corn tionscnaimh Fhóram Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), agus bhain Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth an Comórtas Pláta. Bhí an chéad ócáid díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Déardaoin, an 12 Márta. Bhí […]

Leas-Phríomhoide Nua ceaptha ar Choláiste na Maoile Ruaidhe, Baile na nGallóglach

Image of two people standing side by side.

D’fhógair ETB Dhún na nGall go bhfuil an tUasal David McHale ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Choláiste na Maoile Ruaidhe. Tá sé ag teacht in ionad an Uasail Seán McFadden a bhfuil post an Phríomhoide i gColáiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir glactha aige. Beidh David mar bhall den fhoireann bhainistíochta atá ann […]

Tuairisc bháis – An Clr Noreen McGarvey

Image of person.

Is cúis mhór bhróin dúinn a fhógairt go bhfuil ár gcomhghleacaí, an Comhairleoir Noreen McGarvey, imithe ar shlí na fírinne. Ba bhall de Bhord ETB Dhún na nGall í agus ba bhall de Bhord Bainistíochta Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór í ó toghadh í ar Chomhairle Contae Dhún na nGall in 2019. Ba le díograis […]

Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of person.

Agus muid ag druidim le Nollaig 2023 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le pobail ETB ar fud na Scoileanna, Ionad agus Oifigí Riaracháin ar fud an chontae, a chuir, ar bhealach suntasach, le hobair ETB Dhún na nGall le linn 2023. Déanann ár dtrí mhórpháirt, atá faoi cheannas ár stiúrthóirí; Ciaran O’Brien […]