Príomhoide nua ceaptha ar Choláiste Chineál Eoghain

Image of person.

Tá sé fógartha ag ETB Dhún na nGall go bhfuil Bean Uasal Claire Doherty ceaptha ina Príomhoide nua ar Choláiste Chineál Eoghain. Céimí de chuid Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, is í Claire, as Carn Domhnach í ó dhúchas, atá fostaithe ag ETB Dhún na nGall ó 2013, mar mhúinteoir ceoil ar dtús i Scoil […]

Príomhoide Nua ceaptha ar Gairmscoil na Mainistreach, ag tosú i 2024

Image of person

D’fhógair ETB Dhún na nGall go gcuirfidh an tUas Alan Thompson tús leis an bpost mar Phríomhoide nua ar Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, ar an 1 Eanáir 2024. Ceapadh Alan in áit an tUas Geraldine Diver atá ag eirí as post an Phríomhoide ag deireadh Mhí na Nollag. Tá Gairmscoil na Mainistreach […]

Eolaire Breisoideachais agus Oiliúna 2023-2024 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

Image of books piled up.

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a hEolaire FET úr don bhliain acadúil atá ag teacht, 2023-2024, eolaire a áiríonn roinnt cúrsaí úrnua a bheidh ag tosú ar fud an chontae i Meán Fómhair. Cuireann an Eolaire mioneolas ar fáil maidir le níos mó ná 130 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i […]

Déanann Príomhfheidhmeannach Comhghairdeas le Daltaí na hArdteiste as a dTorthaí

Image of person.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall le daltaí a bhfuil torthaí na hArdteiste, na hArdteiste Feidhmí agus GCAT á bhfáil acu inniu. Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 as na 27 iar-bhunscoil i gContae Dhún na nGall agus is páirtí iontaobhaí é le haghaidh na n-ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha sa […]

Céimeanna Treasacha Úra le ETB Dhún na nGall Fógartha – Beidh an Chéad Bhliain á Seachadadh ag an tSeirbhís FET

Four people sitting side by side signing documents.

D’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris. T.D. go mbeidh ceithre chéim threasacha úra ar fáil i nDún na nGall. Is iad na ceithre chúrsa céime sin: Baitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Saotharlainne Tionsclaíche, Baitsiléir Gnó (Onóracha) sa Ghnó agus Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sna Teicneolaíochtaí Innealtóireachta Inbhuanaithe, ar cúrsaí céime úra […]

Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste Cranncha

Tá lúcháir ar ETB Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tUasal Philip McGuinness ceaptha mar an Príomhoide Tánaisteach úr i gColáiste Cranncha i mBun Cranncha. Rachaidh sé isteach san Fhoireann Ardbhainistíochta anois agus beidh sé ag comhoibriú leis an Uasal Kevin Cooley, Príomhoide, agus le Sinéad Anderson, Príomhoide Tánaisteach. Tháinig an post breise […]

Meamram Tuisceana Sínithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag ETB Dhún na nGall

Two people sitting at a table signing a document.

Tá meamram tuisceana (MT) cúig bliana sínithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall lena gcumais a fhorbairt níos mó chun a gcuid misean a bhaint amach trí chomhoibriú fheabhsaithe. Is beart suntasach é an MT maidir le forbairt Dhún na nGall agus mhór-réigiún an Iarthuaiscirt de […]

Príomhoide Tánaisteach Úr Ceaptha i gColáiste na Carraige

Image of person standing in front of a banner.

Dheimhnigh ETB Dhún na nGall gur ceapadh Emma Kane mar an Príomhoide Tánaisteach úr i gColáiste na Carraige. Tagann sí in ionad Caroline Uí Ghallchóir atá ag tosú ar ról an Phríomhoide sa scoil. Sular thosaigh sí ar a post mar Phríomhoide Tánaisteach, d’oibrigh Emma mar Mhúinteoir Mata agus Gnó i gColáiste na Carraige.  D’fhág […]

Príomhoide Úr Ceaptha i gColáiste Pobail Bhun an Phobail

Image of person highlighted in story - Caroline Doherty.

Tá sé fógartha ag ETB Dhún na nGall go bhfuil Caroline Doherty ceaptha mar Phríomhoide úr Choláiste Pobail Bhun an Phobail. Tá sí ag teacht in ionad an Uasail Anthony Doogan atá ag éirí as an phost an samhradh seo. Is as Cluain Maine ó dhúchas di Caroline agus bhí sí ag feidhmiú mar Phríomhoide […]

Deireadh Tagtha le Seimineár 2023 faoi Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT), Seimineár a bhí dírithe ar an Fhoireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET)

Group of people sitting and standing in front of a banner with laptops and virtual reality goggles.

Tháinig Deireadh le Seimineár 2023 faoi Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT) ar an 31 Bealtaine; bhí an simineár dírithe ar an Fhoireann Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Reáchtáladh an seimineár thar thrí lá, ón Luan 29 – Dé Céadaoin, 31 Bealtaine agus d’fhreastail 60 ball foirne FET ar thrí imeacht; bhí ceann amháin acu san óstán […]